Teachtaireacht ón Uachtarán Michéal D. Ó hUiginn ar chomóradh 50 bliain Gaeloideachas

Nov 10, 2023

Is mian liom mo dhea-ghuí a sheoladh do Ghaeloideachas ar an ócáid shuntasach seo agus sibh ag ceiliúradh 50 bliain ó bunaíodh an eagraíocht. Is fianaise é an garsprioc seo ar an tiomantas seasta agus an cion luachmhar ata léirithe agaibh chun tacú le hoideachas na Gaeilge ar fud na tíre.

Is gné ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta í ar dteanga arsa, buntobar staire agus traidisiúin. Aontaíonn a saibhreas cultúrtha muid, neartaíonn sí an nasc ata againn leis an am atá caite, agus cosnaíonn sí ar n-oidhreacht.

Ba chóir go mbeimis uilig sásta ár ndícheall a dhéanamh ár dteanga a chur chun cinn. Ní trí sheans a tharla beogacht chomhaimseartha ár dteanga, tá an bheocht seo mar thoradh ar iarrachtaí na ndaoine a chuireann an teanga chun cinn, a chothaíonn í, agus an iliomad daoine a úsáideann go laethúil í. Cuireann se an-áthas orm, ar an lámh amháin, a fheiceáil conas a leanann sí uirthi ag fás, le pobal bríomhar cainteoirí, agus breis agus milliún duine ar fud an domhain ag foghlaim Gaeilge ar line. Ar an lámh eile, is féidir a lán a dhéanamh, da mbeadh iarracht níos fearr a léiriú ag iadsan a bhfuil muid ag brath orthu misneach a léiriú.

Tá ról suntasach ag iarrachtaí Ghaeloideachas i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge le caoga bliain anuas, thug sibh comhairle agus cúnamh do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do phaistí, ag cabhrú leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Níl amhras ar bith ach go gcuidíonn sibh lenar n-oidhreacht teanga agus chultúrtha a chothú ar fud na hÉireann. Tréaslaím libh.

Molaim bhur dtiomantas don chúis seo. Ta an urlabhraíocht agus na seirbhísí tacaíochta a chuireann sibh ar fáil mar chuid den ghluaiseacht i dtreo méadú ar thinreamh na ngaelscoileanna. Is deimhniú é an méadú seo ar bhuntáistí an tumoideachais do gach mac léinn, beag beann ar a leibhéal cumais, a stádas socheacnamaíoch, nó a chúlra reiligiúnach, cultúrtha nó teanga. Taim rí sásta le torthaí an tionchair dhearfaigh atá ag Gaeloideachas ar go leor teaghlaigh agus ar phobal na Gaeilge. Bhí an-áthas orm bualadh le cuid d’fhoireann Gaeloideachas ag Cóisir sa Ghairdín anseo ag Áras an Uachtaráin le déanaí.

Agus an comóradh tábhachtach seo á   cheiliúradh againn, géaróimid ár n-iarrachtaí chun ár dteanga luachmhar a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus tacóimid leo siúd ata ag obair lena forbairt agus lena ábharthacht inár saol nua-aimseartha. Is ábhar mórtais agus áthais iad ár dteanga, ár litríocht, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht Ghaelach. Le chéile, is féidir linn a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina gné ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta do na glúnta atá le teacht.

Molaim gach rath arís ar na baill, an Bord, an fhoireann agus gach duine a bhfuil baint acu le Gaeloideachas agus sibh ag ceiliúradh 50 bliain de thacaíocht a thabhairt d’oideachas ardchaighdeáin Gaeilge. Go mairfidh bhur ndíograis agus go gcuirfidh sé le fás agus rathúlacht na Gaeilge sna blianta amach romhainn.

Beir beannacht.

Michéal D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann