Taighde: An t-aistear ó shuíomh fhoghlaim agus chúram na luathóige go dtí an bhunscoil Ghaeilge.

Mar 24, 2026

Cuireadh páirt a ghlacadh i dtaighde – Jacqui de Paor

Tá Jacqui de Paor ag tabhairt faoi thaighde mar chuid den M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide.

Tugtar cuireadh do rannpháirtithe páirt a ghlacadh i staidéar a dhíríonn ar na hacmhainní atá ar fáil chun tacú leis an aistear ó shuíomh foghlama agus cúraim na luath-óige go dtí an bhunscoil Ghaeilge.

Is í seo a leanas an cheist taighde:
Cad iad tuairimí oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí naíonáin shóisir maidir leis na hacmhainní atá curtha ar fáil chun tacú leis an aistear ó shuíomh foghlama agus cúraim na luath-óige go dtí an bhunscoil Ghaeilge?

Tá bileog eolais ar fáil thíos.

Beidh ar rannpháirtithe suirbhé anaithnid a chomhlánú agus páirt a ghlacadh i bplé fócasghrúpa.

Coimeádfar gach sonraí pearsanta faoi rún.

Má tá aon cheist ag éinne maidir leis an staidéar, is féidir teagmháil a dhéanamh le Jacqui de Paor ag: jdepaor@tcd.ie

Suirbhé: Oideoirí Luathbhlianta  – Fill in form

Suirbhé: Múinteoirí  – Fill in form

Foirm thoilithe

Bileog Eolais