Tionól Forbartha 2022 seolta go hoifigiúil

Mar 24, 2022

Ag seoladh Tionól Forbartha Gaeloideachas, i bpáirt le COGG an tseachtain seo caite in Gaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh i gCorcaigh tugadh blaiseadh beag den chlár oiliúna agus siamsaíochta a bheidh ar fáil dúinn ag an Tionól, den téama An Cheannaireacht agus an Fhoghlaim i gCúinsí Eisceachtúla a bheidh ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh, ar an 5 Bealtaine 2022. I láthair ag an seoladh bhí Valerie Mulcahy, múinteoir i nGaelcholáiste Mhuire A.G, Corcaigh; Gabriel Ó Cathasaigh, duine de chainteoirí na bliana seo agus príomhoide Ghaelscoil Uí Ríordáin; agus Seán Ó hArgáin, Uachtarán Gaeloideachas.

Beidh réimse leathan cheardlann ar siúl don bhunleibhéal agus don iar-bhunleibhéal, mar aon le pléphainéal a bheidh á éascú ag an láithreoir teilifíse Páidí Ó Lionáird. Tabharfaidh #Tionól2022 deis do phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar shaincheisteanna, dea-chleachtas, forbairt churaclaim agus an taighde is nuálaí san earnáil.

Tuilleadh eolais anseo: https://gaeloideachas.ie/tionol-forbartha-2022/ 

Gaeloideachas Seoladh 005

Gaeloideachas Seoladh 060

Gaeloideachas Seoladh 011

Gaeloideachas Seoladh 021

Gaeloideachas Seoladh 027

Gaeloideachas Seoladh 045

Gaeloideachas Seoladh 051