Tionól Forbartha 2023: Taisteal agus Lóistín
Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2023 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 10 Samhain 2023.
Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo agus Gaeloideachas ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód.
Tá Óstán Slieve Russell suite i mBéal Átha Conaill, Co. an Chabháin, timpeall 25 nóiméad lasmuigh de bhaile Chabháin. Tá an t-óstán suite timpeall 2 uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste, agus 2 uair go leith ó Ghaillimh. Faigh treoracha anseo. https://goo.gl/maps/c9qSodCmGXgxW8RD6
Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha i gcoitinne agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Meastar go mbeidh an-éileamh ar lóistín i mbliana i comparáid le blianta eile agus ní mór seomra a chur in áirithe go pras má tá sé ag teastáil.
Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe an Tionóil in Óstán Slieve Russell roimh an 6ú Deireadh Fómhair (ag brath ar sheomraí bheith fós ar fáil) agus caithfear é a chur in áirithe trí shuíomh an óstáin amháin.
Chun leas a bhaint as an ráta seo (€125 do sheomra singil, €80 in aghaidh an duine do sheomra dúbailte/dhá leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), bain leas as an gcód GAEL23 ar shuíomh an óstáin www.slieverussell.ie agus lean na treoracha iniata.
Lóistín eile sa cheantar máguaird
Tá roghanna eile ar fáil sa cheantar máguaird freisin ach d’fhéadfadh go mbeadh achar taistil i gceist leo. Seo liosta roghanna leaba is bricfeasta atá curtha ar fáil ag an Slieve Russell: List of Local B&Bs