Tionól Forbartha 2024 – Focal Buíochais & Súil Siar
Ba mhaith le Gaeloideachas buíochas a ghlacadh le gach duine agaibh a d’fhreastal ar Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 in Óstan Slieve Russell i gCabhán le gairid. Ár mbuíochas freisin leis na cainteoirí & áisitheoirí a chuir i láthair ceardlanna spreagúla agus a roinn a gcuid scileanna, saineolais agus taighde go fonnmhar. Tá muid ag fáil aiseolas an-dearfach faoin ócaid agus ag réiteach cheana féin do Thionól Forbartha 2025
Seo thíos grianghraif d’imeachtaí an Tionóil. Bhfuil sibh iontu?
Físeáin de cheardlanna an Tionól Forbartha
Beidh féiríní ar an mbealach uainne go luath. Ní i stocaí na Nollag a bheas siad ach ar chainéal YouTube Gaeloideachas – na físeáin ó na cuir i láthair ag an Tionól Forbartha atá i gceist. Tógann sé tamaillín eagarthóireacht a dhéanamh orthu ach bíonn siad curtha ar fáil ceann ar cheann chomh luath agus atá siad réidh ag Tonaí. Le bheith ar an eolas fúthu ní mór duit súil a choinneáil ar ár gcainéal www.YouTube.com/Gaeloideachas nó bí i do leantóir le teachtaireachtaí a fháil nuair atá físeán nua ann. Beidh na físeáin ar fáil tríd an nuachtlitir seo freisin.