Tionól Forbartha 2025

Oct 23, 2025

Sabháil an Dáta 2025 - pictiúr de shlua i láthair ag an Tionól Forbartha bliain eile. Tá an téacs seo a leanas air: 
Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2025
Óstan Pháirc Bhaile an Róistigh Corcaigh
21 Samhain 2025.

Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2025 ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, ar an 21 Samhain. Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo agus buail le do chuid comhghleacaithe le saincheisteanna a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge a phlé; dea-chleachtais a mhalartú; foghlaim óna chéile; acmhainní nua a thriail; smaointe cruthaitheacha nua a fháil; agus líonrú le pobal leathan oideachasóirí, taighdeoirí, agus baill foirne eile.

Lóistín: Tá ráta speisialta lóistín ar fáil do thoscairí san óstán ach Tionól Forbartha Gaeloideachas a lua nó an cód GAEL020924 a úsáid thar an bhfón nó ríomhphost. Molar lóistín a chur in áirithe a luaithe agus is féidir.

Clár 2025: Beidh réimse leathan cheardlann ar siúl don bhunleibhéal agus don iar-bhunleibhéal arís i mbliana. Cliceáil anseo le breathnú ar an gclár.

Aonach na Seastán: Beidh os cionn 35 sheastán linn arís i mbliana. Ina measc, eagraíochtaí agus comhlachtaí oideachais is Gaeilge ag díriú réimse leathan acmhainní, tairgí is seirbhísí tacaíochtaí éagsúla.

Clárúchán agus breis eolais anseo.