Tionól Forbartha 2025

21 Samhain 2025
Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh
Bíodh ionchur agat sa gclár!
Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas 2025 ar siúl ó dheas i mbliana ar an 21 Samhain in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh. Tá muid ag súil go mór le cur leis an gclár bunleibhéil agus rogha ceardlann, aoi-léachtaí agus deiseanna plé a bheith ann do mhúinteoirí agus cheannairí bunscoile. Beidh an t-aonach seastán ann le foilsitheoirí, eagraíochtaí agus comhlachtaí oideachais, teicneolaíochta agus Gaeilge.
Is fiú go mór do scoileanna smaoineamh ar ghrúpa ón scoil a chur ann, más féidir, agus an deis a thapú dá múinteoirí le hoiliúint a fháil i sainréimsí faoi leith, ceisteanna a phlé le comhghleacaithe ó scoileanna eile, agus filleadh ar an scoil le smaointe nua.
Tá an clár á fhorbairt againn faoi láthair ach ba bhreá linn bhur gcuid moltaí agus aiseolas a chloisteáil. An bhfuil moltaí agat i dtaobh ábhar ceardlainne nó aoichainteoirí? Nó an bhfuil taighde, cleachtas nó acmhainn agat féin le roinnt? Bíonn muid ag iarraidh ábhair úra nuálacha a bheith ar an gclár i gcónaí agus bíonn muid sásta rudaí nua a thriail.
Cuir rphost chuig ciara@gaeloideachas.ie má tá moltaí ar bith agat i dtaobh an chláir bunscoile.