Tionól Forbartha 2026 – cuir do roghanna in iúl!

Jan 24, 2026

Tá pleanáil agus ullmhúchán tosaithe cheana féin do Thionól Forbartha 2026. Roinnfear an dáta agus an t-ionad libh go han-luath! Idir an dá linn, bheadh muid an-bhuíoch daoibh as aiseolas a roinnt linn ar ócáid 2025 agus moltaí do 2026 a thabhairt trí shuirbhé gairid a líonadh ANSEO mura bhfuil sé déanta cheana. Cuirfear ainm gach éinne a líonann an suirbhé isteach i gcrannchur le dhá thicéad do Thionól Forbartha 2026 le lóistín san áireamh a ghnóthachtáil! Fáilte romhaibh an nasc a roinnt ar chomhghleacaithe freisin.

Dúnfar an suirbhé ag deireadh na míosa!