Tosú ar Scoil – An Tionscnamh ‘Life Events’

Sep 28, 2026

Tá tús curtha ag an Rialtas le tionscnamh nua ‘Life Events’. Is ardán ar líne é Life Events ina mbeidh an pobal in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar bhealach níos áisiúla. Tá ‘Tosú ar Scoil’ aitheanta mar cheann de na seacht gcinn déag d’imeachtaí saoil atá mar chuid den tionscnamh, agus tá an Roinn Oideachais agus Óige i gceannas ar an obair seo.

Tá an Roinn i mbun taighde chun tuiscint níos fearr a fháil ar eispéireas na dteaghlach maidir leis an bpróiseas a bhaineann le tosú ar scoil. Beidh na torthaí mar bhonn eolais do dhearadh seirbhísí poiblí ar líne do thuismitheoirí agus chaomhnóirí.

Tá an taighde dírithe ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí a rinne iarratas ar áit bhunscoile nó iar-bhunscoile dá leanbh le ceithre bliana anuas, nó atá ag súil le hiarratas a dhéanamh sna ceithre bliana amach romhainn.

Is éard atá i gceist leis ná foirm ghearr ar líne a thógann thart ar chúig nóiméad a chomhlánú. Is féidir agallamh duine le duine  a dhéanamh ar líne a mhairfidh thart ar 45 nóiméad. Ní thaifeadtar na hagallaimh agus tuairiscítear na torthaí gan ainm.  

Is féidir páirt a ghlacadh sa taighde trí Ghaeilge. Tá an suirbhé ar fáil ANSEO: Tuismitheoirí agus caomhnóirí: Roinn do Thuairimí maidir le Tosú ar Scoil

Is féidir ceisteanna a chur chuig startingschoolLE@education.gov.ie.