Tralee Education Support Centre: Comhphobal Cleachtais, Tacaíochta & Meantóireachta do mhúinteoirí Mata agus Eolaíochta ag múineadh trí Ghaeilge

Sep 4, 2024

DÁTA: Déardaoin, 11th Meán Fomhár 2024

AM: 7.00i.n. to 8.00i.n.

IONAD:  Zoom

Sprioc-shlua: Múinteoirí Meánscoile Mata & Eolaíochta trí Ghaeilge

Bí le Tralee Education Support Centre don chéad chuid de shraith trí oíche a thacóidh leo siúd a mhúineann Mata agus/nó Eolaíocht trí Ghaeilge.  Beidh trí chuid i ngach ceann de na hoícheanta:

  1. Sainléiriú ar mhodheolaíocht/straitéis sa rang Mata & Eolaíochta lán-Ghaeilge
  2. Tacú le cruinneas agus caighdeán na Gaeilge trí dhíriú ar áiseanna ranga
  3. Comhthacaíocht agus líonrú i ngrúpaí ábhair Mata agus na hEolaíochtaí.

Cuid 1 – Beidh Amy Ní Laoire ag tabhairt léiriú ar mhodhanna a úsáideann sí le cinntiú go bhfuil freastal iomlán á dhéanamh ar gach dalta ina seomra ranga trí dhifreáíl agus scafláil éifeachtach.  Geobhaidh gach múinteoir raon gníomhaíochtaí agus rogha teimpléid a chabhróidh leo seomra ranga ionchuimsitheach a chruthú.

Cuid 2 – Beidh Feargal Máirtín ag díriú ar eocharfhocail agus teanga sainiúil an ábhair mar ghné lárnach de mhúineadh rathúil Mata agus Eolaíochta trí Ghaeilge.  Geobhaidh gach múinteoir Eolaíochta rochtain ar scrúdú súil siar ar stíl na scrúduithe stáit do gach toradh foghlama don Sraith Sóisearach.  Geobhaidh gach múinteoir Mata rochtain ar scrúdú féincheartaithe digiteach do gach toradh foghlama sa Sraith Sóisearach Mata

Cuid 3 – Roinnfear múinteoirí i ngrúpaí de réir ábhar agus tabharfar deis dóibh comhrá neamh-fhoirmeálta a dhéanamh ar a dtaithí féin.  Tabharfar deis do ghach múinteoir clárú do ghrúpa príobháideach ar líne áit a bheidh siad ábalta cabhair a thabhairt agus a lorg i rith na scoilbhliana m.sh chun áiseanna a roinnt, píosa teanga a fhiosrú, ceist shainiúil ar a n-ábhar féin a phlé.

Feargal Máirtín X –  @dbgmata www.dbgmataie 

Feargal Headshot 1

Is múinteoir Eolaíochta, Bitheolaíochta agus Mata é Feargal le 11 bliain anuas agus é anois ag múineadh i nGaelcholáiste Cheatharlach.  Cuireann sé oideachas digiteach chun cinn chomh maith le forbairt ghairmiúil múinteoirí le teicneolaíochtaí digiteacha.  Mar chomh-bhunaitheoir dbgmata.ie eagraíonn sé cruthú áiseanna Mata agus Eolaíochta trí Ghaeilge agus forbraíonn sé pobal comhoibritheach thacaíoch.  Bíonn sé bainteach le foireann PST Droichead agus meantóireacht, chomh maith le bheith ina aoi ar phadchraoltaí oideachasúla áit a léiríonn sé a thaithí agus a chailíocht iarchéime sa Mhúineadh agus Foghlaim 21ú hAoise.  Tá sé paiseanta faoi thimpeallacht foghlama dinimic a chothú agus a thuras mar mhúinteoir ag leanúint is ar mhúineadh nuálaíoch agus ceannaireacht san oideachas atá sé dírithe.

Amy Ní Laoire X – @Scienceteachire www.scienceteacher.ie

Amy headshot 1

Is múinteoir Eolaíochta agus Bitheolaíochta le taithí na mblianta í Amy; is príomhoide tánaisteach agus ball lárnach d’fhoireann PST Droichead i gColáiste Dáibhéid i gcathar Chorcaí í.  Bunaitheoir www.scienceteacher.ie, cruthaíonn sí áiseanna núálaíocha do shonraíocht na Sraithe Sóisearaí nua as Gaeilge agus Béarla.  Cuireann cúrsaí FGL, a sheachadann Amy go rialta, béim ar straitéisí praiticiúla, núálaíocha dalta lárnach atá úsáideach trasna ar na hábhair ach le fócas ar Eolaíocht agus ar Mhata.  Ina scoil díríonn Amy ar thacú le múinteoirí a oibríonn trí Ghaeilge trí mheantóireacht agus cláracha tacaíochta ábhair, rud a léiríonn a tiomántacht chun oideachas a bhrú ar aghaidh agus cleachtais múineadh éifeachtacha a chothú.

Cláraigh anseo: https://zoom.us/webinar/register/WN_iGtp1-8OT1K_5vsX-z1D_g