Treoracha ón Aonad Um Oideachas Gaeltachta maidir le scoláirí ón Úcráin
Fáiltíonn Gaeloideachas roimh na treoracha ón Aonad Um Oideachas Gaeltachta maidir le huaireanta tacaíochta teanga breise atá á gcur ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge chun tacú le forbairt scileanna teanga na scoláirí ón Úcráin. Molann Gaeloideachas foirne na scoileanna, agus a bpobail, as an bhfáilte Gaelach atá siad a chur roimh mhuintir na hÚcráine. Tá súil ag Gaeloideachas go mbeidh an tacaíocht bhreise seo mar mhúnla do chóras chun tacú le scoileanna Gaeltachta & lánGhaeilge a bhíonn ag freastal ar dhaltaí a thagann isteach sa gcóras oideachais gan cumas i nGaeilge acu. Tá na treoracha do scoileanna sa Ghaeltacht anseo agus do na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht anseo. Ní mór do scoileanna iarratas a dhéanamh ar na huaireanta tacaíochta teanga seo ar fhoirm U-TACAÍOCHT TEANGA 2022.