Tuarascáil Nua – An Tumoideachas ag an mBunleibhéal in Éirinn

Oct 20, 2025

I rith an tSamhraidh d’fhoilsigh COGG agus Institiúid Oideachais Marino an  saothar leis an Dr. Claire M. Dunne, An Tumoideachas ag an mBunleibhéal in Éirinn: Léargais ón Taighde Náisiúnta. “Tugann an saothar seo léargas cuimsitheach don léitheoir ar fhorbairt, ar éachtaí agus ar dhúshláin an tumoideachais ag an mbunleibhéal in Éirinn suas go dtí 2024. Léiríonn sé an dul chun cinn leanúnach atá déanta ag scoileanna Gaeltachta agus ag scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ina theannta sin, cuireann an tuarascáil chuimsitheach seo réimse leathan moltaí ar fáil a rachaidh chun tairbhe do mhúinteoirí, do phríomhoidí, do bhoird bhainistíochta, do thuismitheoirí, agus do lucht déanta beartais araon.” (Réamhrá na Tuarascála, Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG).

Comhghairdeachas le Claire as an tuarascáil luachmhar seo a chur ar fáil. Bí cinnte go mbainfidh éinne a bhíonn agus a bheidh ag obair ar son todhchaí rathúil na hearnála lán-Ghaeilge/Gaeltachta an-leas aisti.