Tuismitheoirí! Bí Linn ar an 16 Samhain i gCorcaigh

Oct 25, 2019

Ar an Satharn, 16 Samhain 2019, reáchtálfaidh Gaeloideachas ceardlann speisialta do thuismitheoirí mar chuid dár gcomhdháil bhliantúil, Tionól Forbartha 2019 a bheas ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.

Beidh an cheardlann dírithe ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí a bhfuil páistí acu ag freastal ar naíonra nó ar scoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta, agus beidh siad oiriúnach do chách, beag beann ar a leibhéal líofachta sa Ghaeilge.

Le linn an tseisiúin, beimid ag breathnú ar théama an Tionóil – úsáid na Gaeilge mar theanga an tsóisialaithe – mar a bhaineann sé le ról na dtuismitheoirí.

Beidh painéal ann le príomhoide, tuismitheoir agus ionadaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta chun nodanna agus comhairle a thabhairt maidir le:

  • Cén buntáiste a thugann úsáid na Gaeilge mar theanga an tsóisialaithe (seachas teanga na seomra ranga) do do pháiste
  • Conas níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile
  • Tacaíochtaí agus acmhainní
  • Bealaí le líonrú le tuismitheoirí eile atá ag tógáil clainne le Gaeilge
  • Cén ról atá agat mar thuismitheoir i dtaobh do pháiste a spreagadh, cuma cén leibhéal líofachta atá agat féin sa Ghaeilge

Níl aon chostas i gceist leis an gceardlann, ach beidh uimhreacha teoranta i gceist agus ní mór clárú anseo.

Má tá aon cheist agat, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@gaeloideachas.ie nó 01 8535195.