3: Súgradh

Súgradh

Réamhrá

Is breá le páistí a bheith ag súgradh agus tugann súgradh an-chuid deiseanna do pháistí spraoi a bhaint as an tsaoil, caidreamh a chothú le páistí eile agus leis an múinteoir luathbhlianta agus foghlaim faoi ghnéithe éagsúla den saol. Pléifear moltaí Aistear (CNCM 2009) agus Síolta, (LFOLÓ 2006) faoi shúgradh sa chaibidil seo agus rianófar na saghsanna éagsúla súgartha atá ann. Pléifear ról an mhúinteora luathbhlianta agus ról an pháiste agus tabharfar treoir ghinearálta faoi conas súgradh a phleanáil agus tacaíocht a thabhairt dó. Críochnóidh an chaibidil le dhá shampla den súgradh.

Naisc le hAistear agus le Síolta

Téamaí Aistear

Folláine agus Leas, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid a Dhéanamh, Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht

Treoirlínte don Dea-Chleachtas

Foghlaim agus forbairt trí mheán an tSúgartha (lgh 52-70)

Caighdeáin Síolta

1: Cearta an Linbh, C1.1, 1.2, 1.3

6: Súgradh, C6.1, 6.2, 6.3, 6.4, 6.5 6.6, 6.7

 

Achoimrí Taighde atá nasctha leis na Caighdeáin thuas

Súgradh: Aistear agus Síolta

Molann Aistear, creatchuraclam na luath-óige (CNCM 2009) go mbeadh an-chuid deiseanna ag páistí rogha a dhéanamh faoi na rudaí/imeachtaí gur mhaith leo a dhéanamh agus cothaíonn an cumas roghnaithe seo neamhspleáchas agus féinmhuinín sa pháiste.

Deir Aistear (Prionsabail agus téamaí, CNCM 2009: 11)

Tarlaíonn roinnt mhaith de luathfhoghlaim agus d’fhorbairt an linbh trí mheán an tsúgartha agus trí eispéiris phraiticiúla. Ar na bealaí seo, déanann leanaí iniúchadh ar dhomhain shóisialta, fhisiceacha agus shamhlaíocha. Cuidíonn na heispéiris seo leo bainistiú a dhéanamh ar a gcuid mothúchán, forbairt mar smaointeoirí agus mar úsáideoirí teanga, forbairt go sóisialta, a bheith cruthaitheach samhlaíoch, agus bunchloch a leagan ionas go mbeidh siad ina gcumarsáidithe agus ina bhfoghlaimeoirí éifeachtacha.

Tugann Síolta (LFOLÓ 2006: 9) cur síos ar shúgradh:

Is meán tábhachtach é an súgradh trína mbíonn an páiste ag idirghníomhú leis an saol mórthimpeall uirthi/air féin agus á thriall chun ciall a bhaint as. Tá na hidirghníomhaíochtaí seo, le páistí eile, daoine fásta, ábhair, eispéiris, agus smaointe, mar shampla, ina mbunús ar fholláine, ar fhorbairt agus ar fhoghlaim an pháiste. Is foinse lúcháire agus sásaimh é an súgradh don pháiste. Soláthraíonn sé comhthéacs agus deis thábhachtach chun eispéiris luath-óige ar ardchaighdeán a fheabhsú agus a shaibhriú. Dá réir sin, beidh an súgradh ina phríomhfhócas i suíomhanna luath-óige atá ar ardchaighdeán (LFOLÓ 2006, lch 9). Molann Caighdeán 6 de chuid Síolta (LFOLÓ 2006, lch 52) go gcuirtear go leor deiseanna súgartha ar fail do na páistí, go mbíonn dóthain trealaimh ar fail go héasca, go mbíonn tacaíocht chuí ar fáil ón múinteoir luathbhlianta is go dtugtar deiseanna do na páistí fás agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus forbartha, forbairt teanga san áireamh.

Faoi mar a dúirt Treasa Ní Ailpín agus Déirdre Uí Ghrádaigh (2015:25)

Tá na gníomhaíochtaí ar fad sa naíonra ann chun leanaí a spreagadh chun súgartha. Is é an súgradh an rud is nádúrtha do leanaí sa naíonra agus is tríd an súgradh a fhoghlaimíonn agus a fhorbraíonn siad. Is trí ghníomhaíochtaí agus na rainn, amhráin, frásaí agus caint a bhíonn in úsáid leo a thagann siad ar go leor dá dtuiscint ar an nGaeilge. Cothaíonn na gníomhaíochtaí súgartha iliomad deiseanna chun scileanna agus dea-nósanna sóisialta a fhorbairt.

Ciallaíonn na tagairtí thuas go dtuigtear gur meán tábhachtach foghlama agus idirghníomhaíochta é an súgradh ina gcuireann an páiste eolas ar an saol agus ar na daoine a bhíonn i gcomhpháirt leis/léi. Cabhróidh súgradh leis na páistí forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna, a gcumas machnaimh agus réasúnaíocht, a gcuid mothúchán agus sealbhú teanga, i measc rudaí eile. Moltar go leor deiseanna súgartha a chur ar fáil chun cabhrú leis an bhforbairt iomlán. Ba chóir go mbeadh na gníomhaíochtaí sa naíonra leagtha amach chun an súgradh a spreagadh agus a chur chun cinn agus ba chóir a aithint gur deiseanna teanga iad na deiseanna súgartha go léir.

Cineálacha Súgartha

Ta an-chuid cineálacha éagsúla súgartha ann, idir chinn chruthaitheacha, fhisiceacha agus shamhlaíocha (Aistear 2009: 55, Hayes, 2010: 174 – 6) agus is deiseanna foghlama teanga agus úsáid teanga iad ar fad:

Súgradh cruthaitheach

Bíonn páistí ag damhsa, ag péinteáil, ag imirt le hábhair éagsúla agus ag baint úsáide as an tsamhlaíocht.

Cluichí le rialacha

De réir a chéile téann páistí i dtuiscint ar chluichí le rialacha. I dtosach bíonn na rialacha solúbtha, ach téann siad i dtaithí ar ghnáthrialacha chluichí agus is deis iontach teanga é na rialacha a mhíniú agus na frásaí a ghabhann leis an gcluiche a úsáid i gcomhthéacs an chluiche. Mar shampla: “Leatsa imirt”. “Is liomsa é”. “Cad a fuair tú?”

Súgradh le teanga

Is éard atá i gceist leis seo ná leanaí ag súgradh le fuaimeanna agus le focail. Is féidir le páistí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu spraoi le focail nua, rímeanna a dhéanamh agus focail raiméise a chumadh. Go minic is maith le páistí atá ag sealbhú na Gaeilge mar an dara teanga spraoi le fuaimeanna na teanga, as na siollaí a bhaineann le “madra” mar shampla, agus codarsnacht a dhéanamh idir focail ata ar eolas acu as Béarla. Is minic a thugann siad patrúin na teanga faoi deara:

Páiste: I know the Irish for “mat”. It’s mata.

Múinteoir luathbhlianta: An-mhaith. An bhfuil aon cheann eile ar eolas agat?

Páiste:  The Irish for “hat” is hata.

Múinteoir luathbhlianta: Maith thú. Aon cheann eile?

Páiste: The Irish for “cat” is cata and the Irish for fridge is fridga.

Súgradh fisiceach

Is breá le páistí a bheith ag bogadh, ag imirt le liathróidí agus ag forbairt gluaiseachtaí ar nós léimneach, preabadh, cothromú agus rothaíocht. Is minic gur fearr na gluaiseachtaí seo a dhéanamh amuigh faoin aer chun go mbeidh dóthain spáis acu.

Súgradh tógála

Is breá le páistí struchtúir a thógáil le brící, le boscaí agus ábhair eile. Baineann siad an-taitneamh as imirt le ©Lego, ©Mobilo, ©K’Nex agus bloic mhóra.

Súgradh drámata

Bíonn páistí ag glacadh páirte i ndrámaí beaga dá gcuid féin, ag glacadh ról mhamaí agus dhaidí, ag dul chuig an dochtúir nó ag dul ar saoire. Is deis iontach teanga atá anseo, chun éisteacht le caint na bpáistí agus an chaint sin a thabhairt dóibh as Gaeilge ar bhealach oiriúnach. Is minic go mbíonn idirbheartaíocht i gceist le páistí eile, rud a chuidíonn leo scileanna sóisialta a chothú.

Uaireanta bíonn páistí ag súgradh ina n-aonar, uaireanta eile bíonn siad ag féachaint agus ag faire ar pháistí eile (Aistear 2009: 57)

  • Súgradh aonair – Bíonn an leanbh ag súgradh ina (h)aonar
  • Súgradh breathnóra – Breathnaíonn an páiste ar dhaoine eile agus iad ag súgradh gan páirt a ghlacadh sa súgradh sin.
  • Súgradh i gcomhthráth – Bíonn an páiste ag súgradh taobh le taobh le páiste eile, go minic leis na hábhair chéanna, ach gan idirghníomhaíocht a dhéanamh leis an bpáiste eile.
  • Súgradh comhluadair/comhpháirtíochta – Tosaíonn páistí ag súgradh le chéile, ag forbairt idirghníomhaíochtaí trí na gníomhaíochtaí céanna a dhéanamh i bpáirt lena chéile.
  • Súgradh comhoibritheach – Bíonn an páistí ag comhoibriú lena chéile chun an cluiche a fhorbairt agus is minic gur cluiche fada casta a bhíonn ann mar thoradh ar an gcomhoibriú sin.

Ról an Mhúinteora Luathbhlianta agus an Pháiste

Molann Treoirchleachtas Aistear/Síolta (2015: 2) do mhúinteoirí luathbhlianta machnamh a dhéanamh ar na deiseanna spraoi agus foghlama a bhaineann le súgradh. Cabhraíonn dóthain ama, acmhainní agus tacaíocht na múinteoirí luathbhlianta chun buntáistí a bhaint as an súgradh.  Bíonn ar an múinteoir luathbhlianta breithiúnas a thabhairt ar cathain gur chóir scaoileadh leis na páistí agus cathain gur chóir teacht isteach san imirt. Beidh sí ag breathnú ní amháin ar an bhfoghlaim atá ar siúl ag na páistí ach ar na deiseanna eile chun scileanna eile a fhorbairt, mar shampla, comhoibriú, caidreamh a bhunú leis na páistí eile agus fadhbanna a réiteach. Beidh gá le pleanáil, cumasú agus réiteach ionas go dtarlóidh sé seo (Aistear 2009: Treoirlínte le haghaidh an dea-chleachtais: 58).

Pleanáil le haghaidh súgartha agus fhorbairt na Gaeilge

(Aistear 2009: Foghlaim agus forbairt trí mheán an tsúgartha: 59)

Cruthóidh an múinteoir luathbhlianta timpeallacht laistigh agus lasmuigh chun réimse leathan deiseanna súgartha a sholáthar:

  • Ullmhóidh, pleanálfaidh agus eagróidh sí gníomhaíochtaí bunaithe ar cheithre théama Aistear:
    • Folláine agus Leas
    • Féiniúlacht agus Muintearas
    • Cumarsáid
    • Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht
  • Deimhneoidh sí go bhfuil na deiseanna súgartha slán sábháilte, spéisiúil agus taitneamhach
  • Deimhneoidh sí go n-oireann an timpeallacht do gach páiste, a c(h)uid láidreachtaí, cumais agus riachtanais
  • Déanfar pleanáil ar na focail agus frásaí a ghabhann leis na gníomhaíochtaí agus gnásanna
  • Éistfidh an múinteoir luathbhlianta leis na páistí agus aistreoidh sí na habairtí a bhíonn á rá acu as Béarla go Gaeilge
  • Éistfidh an múinteoir luathbhlianta leis na páistí a bhfuil Gaeilge acu agus cabhróidh sí leo saibhriú a dhéanamh ar a gcuid cainte trí cheisteanna agus samplaí d’fhoclóir níos forleithne
  • Tabharfar deiseanna fáis agus forbartha ó thaobh scileanna agus tuiscintí do na páistí agus dúshlán chomh maith
  • Beidh rogha ag na páistí go minic faoi cad a dhéanfaidh siad agus cathain a dhéanfaidh siad é

Tacú le súgradh

  • Labhróidh an múinteoir luathbhlianta leis na páistí faoina gcuid súgartha agus a gcuid roghanna
  • Tabharfaidh sí tacaíocht do na páistí ach gan cur isteach orthu agus glacfaidh sí páirt san imirt nuair a thugtar cuireadh di.
  • Beidh sí in ann leanúint leis an imirt trí Ghaeilge ach ag leanúint threo an imeartha atá ag na páistí
  • Beidh meas aici ar mhothúcháin, ar theanga, ar chumas, ar chúlra agus ar chultúr na bpáistí
  • Cabhróidh sí leis na páistí scileanna sóisialta a fhorbairt, mar shampla conas a bheith ina n-imreoirí agus conas déileáil le páistí eile
  • Cosnóidh sí na páistí ó aon dochar sa súgradh agus déanfaidh sí idirghabháil i suíomhanna a d’fhéadfadh a bheith míchompordach nó dochrach dóibh (go fisiceach nó go mothúchánach)

Athbhreithniú ar shúgradh

Is ga athbhreithniú a dhéanamh ar shúgradh na bpáistí chun a chinntiú go bhfuil siad ag baint an leas is fearr as.

  • Breathnóidh an múinteoir luathbhlianta go struchtúrtha (féach Súil, Súil Eile) ar shúgradh gach páiste chun a bheith ar an eolas faoin saghas imeartha a bhíonn ar bun acu
  • Breathnóidh sí ar an úsáid a bhaineann na páistí as an spás laistigh agus lasmuigh chun a fháil amach an bhfuil an timpeallacht sin ag tacú leis an súgradh nó an bhfuil bac á chur leis
  • Bainfidh sí úsáid as nótaí, grianghraif agus fístéip chun taifead a dhéanamh ar an súgradh
  • Labhróidh sí leis na páistí faoina gcuid súgartha chun a gcuid tuisceana féin a fháil amach
  • Roinnfidh sí an t-eolas seo faoin súgradh leis na páistí agus a dtuismitheoirí
  • Úsáidfidh sí an t-eolas faoin súgradh chun deiseanna foghlama eile a phleanáil

Samplaí den súgradh

Tugann Aistear (Treoirchleachtas: Foghlaim agus forbairt trí mheán an tsúgartha: 63-73) samplaí den tslí gur féidir leis an múinteoir luathbhlianta tacaíocht a thabhairt do na páistí ar bhonn a léiríonn an ceangal le téamaí Aistear.

(Le caoinchead CNCM agus Early Childhood Ireland)

Eispéireas foghlama 51 (Aistear 2009: 69): An cluiche a athchruthú

Téama: Cumarsáid, Aidhm 3 agus Sprioc foghlama 1

Aoisghrúpa: Leanaí

Suíomh: Seisiún naíonra

Bhí an Bhrasaíl agus Éire le cluiche cairdeachais sacair a imirt. Bhí roinnt leanaí sa ghrúpa súgartha arb as an mBrasaíl dóibh agus bhí an-sceitimíní orthu. Bhí a lán de na leanaí ag caitheamh a ngeansaithe foirne. Maidin an chluiche rinne siad meirgí agus bratacha. Bhí roinnt de na leanaí le dul chuig an gcluiche an tráthnóna sin lena dtuismitheoirí i mBaile Átha Cliath. Labhair na leanaí agus Liz, stiúrthóir an naíonra, faoi seo ag an gciorcal comhrá. Baineann roinnt leanaí úsáid as Portaingéilis, teanga oifigiúil na Brasaíle, agus spreag sé seo plé breise agus fiosracht i measc na leanaí eile. D’éist Liz leis na scéalta faoi cé a bhí chun an cluiche a bhuachan agus cérbh iad na himreoirí ab fhearr. Tar éis an phlé tharraing na leanaí pictiúir a bhain leis an téama ‘Peil’. De réir mar a tharraing siad d’éist Liz le scéalta faoina líníochtaí agus scríobh sí abairt in aice gach pictiúir bunaithe ar a raibh á rá ag na leanaí. Léigh sí seo le haghaidh na leanaí. Chuidigh roinnt de na leanaí léi a ‘scéalta’ a léamh.

Amuigh sa chlós theastaigh ó roinnt de na leanaí a bheith ina n-imreoirí sacair ar fhoirne na hÉireann agus na Brasaíle. Rinne siad cuaillí as a gcótaí. D’iarr Liz ar na leanaí eile teacht agus tacú leis na foirne. Mhol sí dóibh táille a ghearradh ar chead isteach chuig an gcluiche. Bhain siad úsáid as clocha mar airgead agus as duilleoga mar thicéid agus d’imigh Seán agus Rianna isteach chun meirgí agus bratacha a fháil. Thug roinnt leanaí eile cathaoireacha amach agus d’eagraigh siad seastáin don lucht féachana. Bheartaigh Olivia uachtar reoite a dhíol ag an gcluiche agus bhain úsáid as píosaí páipéir mar uachtar reoite. Baineadh úsáid arís as clocha mar airgead chun na nithe seo a cheannach!

Roghnaíodh foirne agus aontaíodh ar rialacha an chluiche. Thug Liz a feadóg ar iasacht do réiteoir an chluiche, Ciara. Shéid sí an fheadóg go láidir agus thosaigh an cluiche. Scread an lucht féachana nuair a d’éirigh leis na foirne cúl a fháil agus thug siad tacaíocht do na himreoirí le linn an chluiche. Chroith siad na meirgí go spreagúil. Shéid an réiteoir an fheadóg ag deireadh an chluiche agus baineadh amach comhscór. Chroith an dá thaobh lámha lena chéile agus thacaigh an lucht féachana leo arís. Ar fhilleadh ar an seomra istigh dóibh, d’eagraigh Liz micreafón samhlaíoch agus chuir sí agallamh ar an dá fhoireann. Chuir sí síneadh leis an gcomhrá seo trína tuairimí féin a chur in iúl agus trí cheisteanna a chur.

Ábhar Machnaimh:

Conas a chuirfeá féin le forbairt an tsúgartha agus leis an bhforbairt teanga i gcás mar seo?

Eispéireas foghlama 54 (Aistear 2009: 71): Is breá linn capaill, mar sin bíodh cairdeas eadrainn

Téama: Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht, Aidhm 2 agus Sprioc foghlama 5

Aoisghrúpa: Mamailínigh

Suíomh: Seisiún naíonra

Thosaigh Bernadette, leanbh ón Lucht Siúil (2 bhliain agus 10 mí d’aois) sa ghrúpa súgartha i lár na bliana. Tá capaill ag a teaghlach agus téann siad chuig aonaigh ar fud na tíre. Mar chuid den chruinniú foirne coicísiúil phléigh an fhoireann conas a d’fhéadfaí cuidiú le Bernadette an t-aistriú a dhéanamh chuig an ngrúpa súgartha. D’aontaigh siad póstaeir de chapaill agus d’aonaigh a fháil agus iad a chur ar taispeáint ar na ballaí. Chomh maith leis sin d’iarr siad ar an ionad oiliúna áitiúil leantóir beag a dhéanamh agus samhail de láithreán stad chun cur sa spás don súgradh samhlaíoch. Chuir siad tuilleadh capall leis an bhfeirm bheag bhréige.

Is breá le Michael (3 bliana d’aois) a bhfuil cónaí air ar fheirm, gach ní a bhaineann le feirmeoireacht – ainmhithe, tarracóirí agus leabhair i dtaobh feirmeoireachta. Caitheann Michael seisiúin fhada gach lá ag cur na feirme in eagar agus ag súgradh léi. Socraíonn sé na geataí leis na ba a choinneáil istigh agus cinntíonn sé go bhfuil uisce ag na hainmhithe. Is léiriú an súgradh seo ar nithe san fhíorshaol is breá leis a dhéanamh lena Mhamaí agus a Dhaidí a oibríonn ar an bhfeirm. Thaitin sé le Michael go raibh capaill sa bhreis anois san fheirm bhréige. Thaitin sé le Bernadette seasamh ina chóngar agus breathnú ar Michael agus é ag súgradh. Go minic shuigh sí in aice leis, agus páirt á glacadh aici sa súgradh mar bhreathnóir. Chonaic an fhoireann a raibh ag tarlú. Tar éis cúpla lá agus le spreagadh ó Nóra, stiúrthóir an ghrúpa shúgartha, chinn Bernadette páirt a ghlacadh le Michael agus súgradh leis na capaill. Thosaigh caidreamh eatarthu. Thacaigh Nóra leis seo agus d’iarr sí orthu nithe a dhéanamh cosúil le glanadh suas lena chéile agus súgradh lasmuigh lena chéile.

Is breá leo cluichí a imirt a bhaineann le capaill. Is breá le Bernadette é seo agus go minic téann sí chun a Daid a fheiceáil i rásaí ar a gcapaill féin. Uaireanta ligeann Michael air gurb é siúd an capall agus gurb í Bernadette a hathair agus í ag marcaíocht ar an gcapall. Deir Bernadette giddy-up leis an gcapall. Ó am go chéile úsáideann Bernadette focail ‘Caintise’ fad is atá sí ag súgradh. Tá suim ag Nóra tuilleadh a fháil amach faoi seo ó thuismitheoirí Bernadette. Ag an gcéad chruinniú foirne eile molfaidh sí dá comhghleacaithe go bhfoghlaimeoidís agus go n-úsáidfidís roinnt focal Caintise chun cuidiú le Bernadette bheith níos sona compordaí sa ghrúpa súgartha. Chuideodh sé seo leis na leanaí eile tuilleadh a fhoghlaim faoi shaol an Lucht Siúil.

Ábhar Machnaimh:

An léiriú maith na frapaí súgartha i do shuíomh ar chultúir agus ar chúlraí na leanaí?

Ábhar Machnaimh:

Conas a bhféadfá cur le tuiscintí na bpáistí ar chultúir éagsúla?

Suimiú

Pléadh moltaí Aistear (CNCM 2009) agus Síolta, (LFOLÓ 2006) faoi shúgradh sa chaibidil seo, le béim ar na deiseanna foghlama, caidrimh agus sealbhaithe teanga atá i gcuraclam a chuireann béim ar spéiseanna na bpáistí. Rinneadh cur síos ar na cineálacha éagsúla súgartha ata ann, súgradh le teanga san áireamh agus pléadh ról an mhúinteora luathbhlianta agus ról an pháiste.  Moladh bealaí chun an súgradh a phleanáil chun forbairt iomlán an pháiste a chur chun cinn, forbairt teanga san áireamh, agus tugadh samplaí den tslí inar féidir smaointe na bpáistí a fhorbairt ar bhonn gníomhach cruthaitheach.