Tús Eolais ar na Treoirlínte MOS do Bhunscoileanna

Sep 2, 2026

Tá an seimineár dhá uair an chloig seo ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, dírithe ar mhúinteoirí ranga bunscoile agus ar mhúinteoirí oideachais speisialta, bunaithe ar na Treoirlínte SET agus scrúdaíonn sé bealaí chun tacú le daltaí sa rang príomhshrutha a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Cur síos ar an gcúrsa/Torthaí Foghlama:

Iniúchadh ar:

  • Na prionsabail lena mbuntacaítear na Treoirlínte MOS
  • An próiseas le haghaidh acmhainní teagaisc a dháileadh agus a eagrú.
  • Róil agus freagrachtaí
  • An próiseas réitigh fadhbanna le haghaidh riachtanais a shainaithint, le haghaidh pleanála, tacaíochta, idirghabhála agus athbhreithnithe a dhéanamh.
  • Pleananna Tacaíochta ag na léibhéil éagsúla
  • Tacú le hAistrithe

Eolas faoin seiminéar:

Seiminéar dhá uair bunaithe ar na Treoirlínte MOS do Bhunscoileanna. Tacú le páistí ranganna príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu.

Cad atá ag teastáil ó Rannpháirtithe:

Moltar go mbeadh cóip ag gach múinteoir de na Treoirlínte MOS (Ar fáil anseo) agus ar na Tascáirí (ar fáil anseo) chomh maith le Ciorclán 0064/2024 (ar fáil anseo).Beidh ríomhaire agus cluasáin ag teastáil.

Eolas Breise:

Beidh cód QR le hacmhainní ar fáil mar chuid den chúrsa.

Beidh teastas tinrimh ar fáil ón gCNOS.

7-Meán Fómhair-2026
3:00 -5:00pm
Ar líne ar Microsoft Teams

Clárúchán anseo