Tús Maith le………

Seo acmhainn le léargas a thabhairt ar na téacsanna atá ar an liosta d’Ábhar Dualgais do Scrúdú na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027 agus 2028. Tugtar léargas sa leabhrán seo ar an bplota, ar an údar, ar an bpríomhcharachtar agus ar théamaí féideartha. Chuirfeadh an acmhainn seo tús maith le hobair dheiridh an téarma agus sinn ag féachaint i dtreo na bliana seo chugainn.