Ní don seomra ranga amháin na tacaí amhairc. Is éasca dearmad a dhéanamh go mbaineann an tábhacht chéanna le tacaí cumarsáide amhairc sa chlós súgartha is a bhaineann sa seomra ranga. Déanta na fírinne, is minic a bhíonn siad níos tábhachtaí sa chlós súgartha.
Bíonn an clós súgartha torannach agus gnóthach, rudaí a chruthaíonn deacrachtaí cumarsáide do pháistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu. D’fhéadfadh sé seo tionchar a imirt ar chumas agus ar spreagadh na ndaoine céanna chun páirt a ghlacadh i súgradh faoin aer. Is féidir leis a bheith deacair treoracha a phróiseáil agus rialacha cluiche a leanúint agus torann iomarcach sa chúlra, agus is féidir le hualach céadfaí dul i bhfeidhm ar chumas an pháiste cumarsáid ó bhéal a dhéanamh.