Na ceisteanna ar fad atá sa gceistneoir mar chuid de chomhairliúchán poiblí seolta ag an Roinn Oideachais chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le lionadh ar líne anseo. Beidh an ceistneoir ar fáil le comhlánú go dtí 16ú Eanáir 2023.

Más mian le d’eagraíocht tuilleadh ionchuir a bheith acu sa chomhairliúchán poiblí, tá fáilte romhat freisin aighneacht scríofa a sheoladh chuig POLG@education.gov.ie faoi 16ú Eanáir 2023.

Reáchtálfar grúpaí fócais in 2023 freisin chun iniúchadh breise a dhéanamh ar na téamaí a thagann chun tosaigh sa chomhairliúchán ar líne agus sa taighde atá ar bun.

File Type: pdf