Sraith podchraoltaí dar teideal 'Mar bhí, Mar atá' as Ceantar na nOileán. Is beirt daltaí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin a rinne an sraith seo.

Sa gcéad eagrán labhraíonn Colm le Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha, úinéara An Hooker Bar nó Tigh Mhichael Jeaic mar a thugtar air go háitiúil, teach ósta ar oileán Eanach Mheáin i gConamara. Is sa teach ósta seo a fuair Máirtín a chéad phost agus is tráthúil gur é atá ina fhear an tí anois ann. Cuireann sé síos do Cholm ar na laethanta a bhí sa teach óstai gcomparáid le saol an lae inniu agus cloiseann muid faoi stair an tí ósta i gceartlár cheantar na nOileán.
Labhraíonn Colm freisin le Francis O’Flatherty, úinéara an Connemara Brewery a bunaíodh i 2018, agus a seoladh i Márta 2020 ag tús na paindéime. Tá siad lonnaithe ar an gCeathrú Rua agus déanann Francis cur síos ar a ghnó , ar na táirgí a dhéanann siad agus an margadh ar a ndíolann siad iad na dúshláin a bhí rompu ag tosú amach le linn gearchéim Covid 19.

Sa dara heagrán labhraíonn Colm le Pádraic Ó Conaire, duine de laochra Chumann Peile Naomh Anna. Insíonn sé do Cholm cé chaoi raibh an saol agus é fhéin ag imirt leis an gcumann, cuid de na héachtaí a bhain an cumann amach agus déanann siad plé ar chluiche peile an lae inniu. Labhraíonn sé ina dhiaidh sin le Róisín Nic Leoid, an chéad ban chathaoirleach ar an gcumann ó bunaíodh é in 1964. Pléann siad an costas a bhaineann le foirne a chur chun páirce agus na dúshláin atá roimh chlubanna beaga tuaithe.

Sa tríú heagrán seo labhraíonn Colm le Pádraic Ó Griallais, stiléara agus bunaitheoir Micil Distellery chun eolas a fháil ar an gceird, cén bealach ar chur sé fhéin suim ann agus na táirgí atá á dhíol acu. Labhraíonn sé freisin le stiléara atá i bhfad éirithe as an gceird.

Sa gceathrú eagrán labhraíonn Colm le John Beag Ó Flatharta faoina shaol agus an tréimhse a chaith sé as baile nó gur fhill sé ar Leitir Mealláin. Labhraíonn sé chomh maith leis an amhránaí Anna Marie Nic Dhonnacha faoi an chaoi ar thosaigh sí ag ceol agus na háiteacha a gcasann sí inniu.

Láithreoir / Taighdeoir: Colm Ó h-Ógáin
Teicneoir / Eagarthóir: Feidhlim Ó Cualáin

File Type: www
Categories: Ar scoil | Use in school, Eolas | Information, Gaeilge amháin | Irish only, Iar-bhunscoil | Post-primary, Múinteoir | Teacher
Mar a bhí, Mar atá ar Spotify