11 seachtain go Tionól Forbartha 2023
Céard lena bhfuil muid ag súil ag Tionól Forbartha na bliana seo? Os cionn 21 cheardlann phraiticiúla do mhúinteoirí, aoiléachtaí ón Ollamh Áine Hyland agus ón Dr Kerron Ó Luain, ceol ó Ghaelscoil Bhréifne, siamsaíocht ó The Bonny Men, mar aon le haonach seastán le breis is 30 eagraíocht agus comhlacht i láthair. Anuas ar an méid sin, déanfar ceiliúradh speisialta ar a bhfuil bainte amach ag Gaeloideachas agus earnáil an oideachais lán-Ghaeilge, agus roinnt de na clochmhílte tábhachtacha le linn na tréimhse sin, agus an eagraíocht ag ceiliúradh caoga bliain faoi bhláth ó bunaíodh í in 1973.
Aoichainteoirí
Tá an-áthas orainn go mbeidh an tOllamh Áine Hyland agus an Dr Kerron Ó Luain linn le súil siar a chaitheamh ar stair na Gaeilge sa gcóras oideachais, mar aon le stair ghluaiseacht na gaelscolaíochta agus an oideachais lán-Ghaeilge, agus stair Gaeloideachas féin mar eagraíocht.
Beidh an tOllamh Hyland ag díriú ar “An Ghaeilge sa Chóras Oideachais in Éirinn: 1922 – 1972” ina haoiléacht a dhíreoidh ar pholasaí Rialtas na hÉireann maidir le múineadh na Gaeilge and múineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna agus meánscoileanna na tíre idir 1922 agus 1972.
Beidh an Dr Kerron Ó Luain, staraí as Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath, ag díriú ar an tréimhse ina dhiaidh sin agus “Cath idir an pobal agus an murder machine”: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta c.1973-2023” faoi chaibidil aige. Bhí an Dr Ó Luain i mbun taighde thar a bheith luachmhar le blianta beaga anuas ar thionscadal dar teideal Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta, c.1973-2023. Tabharfaidh sé blaiseadh beag de roinnt den taighde sin le linn a léachta agus seans go mbeidh tagairt do roinnt de bhur gcuid scoileanna lena linn!
Cé na ceardlanna a bheidh ar an gclár do lucht na bunscoile?
Beidh réimse leathan ceardlann ar fáil do thoscairí bunscoile arís i mbliana. Ina measc, díreofar ar na hábhair seo thíos:
- An Luath-thumoideachas: sárchleachtas ó scoileanna éagsúla
- An Tairseach: acmhainní praiticiúla don seomra ranga bunscoile agus iar-bhunscoile
- An tríú teanga iasachta ag leibhéal na bunscoile
- Beatha Teanga agus Teanga an tSóisialaithe ag leibhéal na bunscoile
- Bunú agus buanú ranganna speisialta
- Conas tacú le scoláirí a bhfuil disléicse nó deacrachtaí leitheoireachta (Gaeilge & Béarla) acu i nGaelscoil nó scoil Ghaeltachta
- Folláine an mhúinteora: ag tabhairt aire duit féin
- Gníomhaíochtaí ETIM/Mata sa seomra ranga lán-Ghaeilge
- Na cuir chuige, na cleachtais, agus na modheolaíochtaí is éifeachtaí don luath-thumoideachas iomlán
- Nuacht Anois – Acmhainn nua dhigiteach do dhaltaí agus do mhúinteoirí scoile.
- Saibhreas teanga ag leibhéal na bunscoile
- Turas na Scríbhneoireachta
Agus do lucht na hiar-bhunscoile?
Tá súil againn slua mór ó leibhéal na hiar-bhunscoile a mhealladh le bheith linn arís i mbliana. Seo blaiseadh de na ceardlanna éagsúla a bheidh ar fáil:
- Acmhainní digiteacha TG4 don seomra ranga iar-bhunscoile
- Acmhainní úrnua don Ghairmthreoir ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
- An t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil: deiseanna, dúshláin agus dearcthaí
- An Fhoghlaim Chomtháite Ábhair agus Teanga: Teoiric agus Cleachtas
- An Tairseach: acmhainní praiticiúla don seomra ranga bunscoile agus iar-bhunscoile
- Beatha Teanga agus Teanga an tSóisialaithe ag leibhéal na hiar-bhunscoile
- Bunú agus buanú ranganna speisialta ag leibhéal na hiar-bhunscoile
- Clár folláine ag leibhéal na hiar-bhunscoile: Cleachtais, acmhainní agus cur chuige uile scoile
Ráta speisialta go dtí an 23ú Meán Fómhair
Tá lascaine speisialta mochóirí ar fáil do scoileanna a chláraíonn roimh an 23ú Meán Fómhair. Ní mór ballraíocht le Gaeloideachas a bheith ag do scoil le leas a bhaint as an ráta laghdaithe seo. Gach eolas www.gaeloideachas.ie/claraigh/
Éileamh ollmhór ar lóistín
Moltar go láidir do thoscairí lóistín a chur in áirithe sa Slieve Russell chomh luath agus gur féidir le lóistín ar láthair an óstáin a chinntiú. Tá éileamh ollmhór ar sheomraí i mbliana agus níl ach dornán fágtha. Leis an bpraghas speisialta do thoscairí an Tionóil Forbartha a fháil, bain leas as an gcód GAEL23 ar shuíomh an óstáin www.slieverussell.ie Tá an ráta sin ar fáil suas go dtí an 5ú Deireadh Fómhair amháin agus é ag brath ar sheomraí bheith fágtha!
Ionadaíocht
Ná déan dearmad gur féidir cur isteach ar ionadaí amháin le gur féidir leat féin nó ball foirne eile ó do scoil freastal ar na Tionól Forbartha! Gach eolas ar shuíomh Gaeloideachas.