Achoimre ar an gcáipéis le Ceisteanna Coitianta ón Roinn Leanaí

Feb 1, 2021

Sheol an Roinn Leanaí ríomhphost chuig gach seirbhís luathbhlianta an lá cheana le cáipéis chuimsitheach a fhreagraíonn na ceisteanna coitianta maidir le feidhmiú seirbhísí luathbhlianta idir seo agus an 5 Márta.

Tá an cháipéis sách fada, mar go gclúdaítear go leor mioneolais ann. Seo thíos achoimre ar na príomhphointí ann mar a bhaineann leis na naíonraí, ag glacadh leis gur seirbhísí ECCE iad formhór na naíonraí, agus go bhfuil siad dúnta faoi láthair. Ar ndóigh, níl anseo ach léamh simplí ar a bhfuil faighte againn ón Roinn agus molaimid i gcónaí filleadh ar an mbuncháipéis sa chás go bhfuil aon amhras ort nó eolas breise de dhíth.

  • Beidh seirbhísí ECCE dúnta go dtí an 5 Márta.
  • Le linn na tréimhse seo, is féidir 70% den mhaoiniú ECCE a éileamh.
  • Íocfar 100% do na scéimeanna NCS, CCSP, TEC agus AIM leibhéal 7.
  • Íocfar 100% d’íocaíochtaí AIM leibhéal 1 i mí Feabhra.
  • Tá an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) ar fáil.
  • Do sheirbhísí atá ag brath go mór ar tháillí ó thuismitheoirí, tá Íocaíocht Tacaíochta Covid-19 ar fáil.

Na coinníollacha atá leis an méid thuas ná:

Tá súil againn go gcabhraíonn an léargas thuas – tá i bhfad níos mó i gcáipéis na Roinne féin agus is fiú na míreanna a bhaineann le do sheirbhís a léamh. Níl an cháipéis ar fáil i nGaeilge, faraor, ach tá leagan Gaeilge lorgtha ag Gaeloideachas ón Roinn Leanaí. Tá an cáipéis iomlán ar fáil anseo: Ceisteanna Coitianta – leagan iomlán i mBéarla