Acmhainní Ranga don Earrach & Lá Fhéile Bríde

Bíonn tús bliana nua lán le dóchas. Bíonn an lá ag dul i bhfad arís agus muid ag tnúth leis an Earrach agus na míorúiltí fáis a thagann leí. Beidh Lá’l Bríde, tús oifigiúil an Earraigh in Éirinn, againn ar an 1 Feabhra. Sa tsean-am, roimh theacht na Críostaíochta, rinneadh ceiliúradh ag an am seo den bhliain ar bhandia na talún. Le teacht na Críostaíochta, athbhaisteadh an fhéile seo do Bhríd Chill Dara. Ní nach ionadh, ag an am seo den bhliain bíonn feirmeoirí agus garraídóirí ar bís ag réiteach d’obair mhór na bliana. Seo thíos bailiúchán acmhainní ó fhoinsí éagsúla ar www.gaeloideachas.ie a bhaineann leis an Earrach agus nósanna Lá Fhéile Bríde.