Ag Spreagadh Leanúnachais idir an bhunscoil & iar-bhunscoil lánGhaeilge/Gaeltachta
Beidh Gaeloideachas ag eagrú an dara cruinniú ar líne ar an téama “Ag cothú leanúnachas idir na leibhéil bunscoile agus iar-bhunscoile san earnáil lánGhaeilge agus Gaeltachta” ar an Luan 7 Feabhra ón 11.30-12.30. Tá na cruinnithe seo á reáchtáil mar chuid d’fheachtas Ar Aghaidh Linn atá Gaeloideachas a reachtáil le bliain anuas.
Is iad aidhmeanna na gcruinnithe agus an fheachtais ná :
- An leanúnachas san earnáil lán-Ghaeilge idir leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiar-bhunscoile a mhéadú.
- Go mbeidh scoileanna ag foghlaim óna chéile agus ag roinnt smaointe agus cleachtais.
- Aimsiú cén chaoi ar féidir le Gaeloideachas tacú libh sa bpróiseas seo.
Ag an gcruinniú labharfaidh triúir príomhoidí ar a dtaithí féin ag earcú scoláirí nua – Brian Ó Maoilchiaráin, Príomhoide Choláiste an Achréidh, Co na Gaillimhe; Donnachadh Ó Cróinín, Príomhoide Choláiste Charraig Uí Leighin, Co Chorcaí; Toirdealbhach Ó Lionáird, Príomhoide Choláiste Ghobnatan, Co Chorcaí.
Roinnfidh na príomhoidí seo na cleachtais earcaíochta – an phoiblíocht agus an mhargaíocht a dhéantar ina scoileanna féin agus labharfaidh siad chomh maith ar na dúshláin a bhíonn acu.
Beidh plé oscailte agus ceisteanna ann i ndiaidh na gcur i láthair. Beidh fáilte roimh bhur dtuairimí agus bhur moltaí maidir leis an gceist.
Ar na gníomhaíochtaí eile atá pleanáilte don scoilbhliain seo tá:
- Nuachtlitir ina mbeidh an t-eolas/moltaí a bhailítear óna cruinnithe.
- Seimineár dírithe ar thuismitheoirí ar Cén Fáth a Roghnófa Gaelscoil
- Seisiún ar an ábhar ag an Tionól Forbartha 2022
Is féidir clárú don chruinniú ar an Luan 7 Feabhra ón 11.30-12.30 ag an nasc thíos.
Beidh míle fáilte romhat.