Aitheasc Uachtaráin Gaeloideachas, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, ag Tionól Forbartha 2024
Tá sé tráthúil go bhfuil an Tionól ann agus muid ag druidim le holltoghchán. Is tráthúil an tOlltoghchán agus an t-am cinniúnach atá ann don Ghaeilge. Ní féidir linn a shéanadh faraor go bhfuil ár dteanga i suíomh an-leochaileach, agus dúshláin mhóra roimpi ní amháin mar theanga bheo, ach mar ábhar scoile agus mar ghnáth-urlabhra sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ní mór dúinn áfach díriú ar na deiseanna atá ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, agus réitigh a aimsiú agus a mholadh. Is deis mar sin é an teacht le chéile seo chun muid féin a ghríosadh chun gnímh agus muid féin a chumasú chun dul ar ais chuig ár gcuid pobail agus ár n-éilimh a chur ina luí go láidir agus go tréan ar ár n-ionadaithe poiblí. Ní mór dúinn an deis a thapú feasacht agus tuiscint a ardú agus a mhéadú lenár gcuid polaiteoirí agus na pairtnéirí leasmhara ar fad faoin tábhacht, faoin luach agus faoina riachtanais atá againn chun an t-oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chothú, a chaomhnú agus a fhorbairt.
Agus céard iad na riachtanais sin? Mar eagraíocht abchóideachta Náisiúnta, tá sé mar phríomhsprioc ag Gaeloideachas a thuiscint: 1) Céard is córas tumoideachas ar ardchaighdeán ann, 2) cé na heasnaimh atá mar bhac ar an sprioc sin, agus 3) go criticiúil, achainí a dhéanamh ar an Stát chun go mbeidh buntáistí an tumoideachais ina bhuncheart do gach páiste ar mian leo é – ón naíonraí go hiarbhunscoileanna. Is minic a úsáidtear spárán an stáit mar chúis srian a chur lenár n-éilimh. Ach ná ligfímis don stát breathnú ar ár dteanga álainn mar chostas, seachas mar sheoid ar ghá infheistíocht a dhéanamh ann má tá sí le lonnrú.
Anois gan amhras – agus bunú rialtais nua ar leac an dorais, le tús á chur go luath le comhchainteanna do chlár an rialtais nua, na ceisteanna is mó ar ár n-aigne uile ná céard a bheidh ann dúinn mar earnáil – an mbeidh ár n-éilimh comhlíonta agus an mbeidh sásamh ann don earnáil? Is dócha mar thús chéim, caithfidh muid a chinntiú an dtuigtear céard atá uainn. An dtuigtear go na héilimh seo tuillte ag ár ndaltaí, ag ár scoilphobail agus againn mar earnáil?
Ní earnáil santach muid ach tá bunéílimh nach féidir linn géilleadh orthu ionas gur féidir linn an freastal is fearr a dhéanamh ar ár ndaltaí. Díreoidh mé isteach anois ar 3 chinn dár n-éilimh:
Éileamh # 1: Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge atá uaillmhianach, tacúil agus a spreagúil
De réir mar a thuigeann sibh uile anseo, pobal an oideachais lán-Ghaeilge, tá creat den pholasaí foilsithe, agus ….ní mó ná sásta a bhí Gaeoideachas, ná sibh…. Faoi mar a sheasann sé, ní thagann a bhfuil sa chreat le moltaí Sealbhú ná le moltaí thaighde na nAonad. Thug sibh uile anseo táim cinnte faoin gcomhairliúchán – agus bhí freagairt dochreidte ard dó, ach níl torthaí an chomhairliúcháin á léiriú sa chreat ná na moltaí a rinne sibh ná muid mar eagraíocht abchóideachta.
Tuigeann sibh uile go bhfuil Gaeloideachas ag éileamh go mbeidh dréacht den pholasaí ann leis an deis comhairliúchán a dhéanamh air sula bhfoilseofar é. Tuigeann muid uile anois áfach go bhfuil cúinsí athraithe. Go teicniúil, ní ann d’Aire Oideachais ag an bpointe seo, ná Aire ar bith, agus dá réir tá stad sealadach curtha le heisiuint an pholasaí seo. Is faoin gcéad Aire eile a bheidh anois a chairde an polasaí seo a fhoilsiú. Tugann seo deis dúinn Aire nua a bheith ann a thuigeann agus a thacaíonn le stádas agus forbairt na Gaeilge agus an chórais tumoideachais. Osclaíonn sé doirse dúinn, ach caithfimid a chinntiú anois go bhfuil tuiscint cheart ag na daoine atá ag seasamh ag na doirse seo.
Mar chroí-éileamh, creidim go bhfuil sé dlite oraibh agus orainn uile a bhfuil ár gcroíthe go smior san obair atá ar siul againn go bhfuil fís fhadradharcach cheannródaíoch ag tiomáint forbairt na hearnála ag an leibhéal is sinsearaí sa stát. Níl aon rud níos tábhachtaí d’fhorbairt an chórais tumoideachais faoi láthair lasmuigh den Ghaeltacht ná POLG láidir ceannródaíoch mar pholasaí.
Anois an t-am lenár gcomhthuiscintí a chur chun cinn, i mbealach coincréiteach, stuama….i mbealach nach féidir le héinne réasúnta droim a chasadh orthu.
Éileamh # 2: Plean Cuimsitheach don Ghaeilge sna luathbhlianta
Tá an earnáil luathbhlianta an-leochaileach – ní féidir é a shéanadh ná na firicí a cheilt. Tá níos mó naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag dúnadh ná mar atá ag oscailt. Tuigeann muid uile go bhfuil fadhb san earnáil luathbhlianta ach tá constaicí níos déine fós roimh na naíonraí. Tá sé iomlán riachtanach go mbeadh na naíonraí san áireamh sa POLG, agus i mbealach follasach agus feiceálach. Is iad bunchloch an chóras tumoideachais lán-Ghaeilge iad agus is gá go mbeidís san áireamh sa bhfís chun go gcinnteoidh sé leanúnachas níos fearr don pháiste ina n-aistear oideachais.
Is ríshoiléir dúinn uile go bhfuil géarchéim soláthair ag an 3 leibhéal – sna naíonraí, sna bunscoileanna agus sna hiarbhunscoileanna, lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht. Tuigeann muid uile go bhfuil sé 7 n-uaire níos measa san earnáil lán-Ghaeilge, áit a bhfuil inniúlacht sa teanga agus saintuiscint ar an gcóras tumoideachais de dhíth. Tá dúshláin chomhchosúla, tromchuiseacha roimh an 3 leibhéal ó thaobh soláthar mhúinteoirí, aitheantas don obair mhór bhreise, tacaíochtaí ó thaobh cúrsaí oiliúna agus forbairt ghairmiúil leanúnach. In earnáil na luathbhlianta, tá géarchéim mhór earcaíochta ann toisc pá agus coinníollacha – tá sé deacair folúntais i naíonraí a líonadh i gcoitinne, gan trácht ar daoine a aimsiú le cumas sa Ghaeilge anuas ar cáilíochtaí éigeantacha luathbhlianta. Go deimhin, táimid ag cailleadh an-chuid múinteoirí ó naíonraí seanbhunaithe de dheasca nach bhfuil na seirbhísí inmharthana ar cúiseanna suntasacha. Tá sé díobhálach don earnáil, ag cailleadh na ceannródaithe leis na blianta de thaithí agus saineolas, a bhí mar dhea-eiseamláirí do mhúinteoirí nua.
Tá obair mhór abchóideachta ar bun ag Gaeloideachas sa réimse seo atá ag déanamh difríochta – agus i mbliana b’ábhar mór sástachta a bhí ann bainisteoir luathbhlianta a fhostú a bhuíoch le tacaíocht na Roinne Gaeltachta. Níl ann ach céim bheag amháin I dtreo na físe atá ag Gaeloideachas don earnáil, ach comhraíonn gach céim ar an aistear seo.
Éileamh #3: Cur chuige comhtháite don Ghaeilge sa Chóras oideachais
Tá dúshláin shuntasacha roimh an Ghaeilge sa chóras oideachais trí chéile a imríonn tionchar ar an earnáil thumoideachais.
I measc na ndúshlán suntasacha reatha áirítear:
- Gaeilge na sraithe sóisearaí. Tá titim tubaisteach i ngnóthachtáil gradaim/ardthuillteantas ó tógadh an cúrsa reatha T1 agus T2 isteach. Mar shampla, i 2019 ghnóthaigh 90% de scoláirí T1 gradam n o ardtuillteanas. I 2023/24 ghnóthaigh 20% na torthaí céanna. An chúis lena mbaineann go príomhá ná scéim mharcála ródhian/míréadúil. Tá sé ag cothú an-chuid lagmisnigh i measc scoláirí a fheiceann a gcairde sna scoileanna T2 ag gnóthachtáil torthaí níos airde sa Ghaeilge ná iad. Tá fianaise ann go bhfuil scoláirí ag fágáil / ag breathnú i dtreo scoileanna Béarla, go háirithe leis an imní atá ann faoi chur chuige chomhchosúil ag leibhéal na hardteiste má thógtar sonraíochtaí T1 agus T2 isteach. Tá tionchar aige seo ar roghanna tuismitheoirí don Iarbhunleibhéal.
- Gaeilge na sraithe sinearsaí – níl comhairliúchán tosaithe go fóill ar mhúnlaí nua ach ní mór don Roinn agus CNCM foghlaim ón méid atá tagtha chun solais sa chur chuige T1 agus 2 ag an teastas sóisearach. Níl sé inghlactha dua bhreise, gan cúiteamh a chur ar aon pháiste I leith na teanga…..nó an toradh air seo ná go siúlfidh ár scolairí i dtreo na roghanna níos éasca.
- Córas na nDíolúintí – tá sé ríshoiléir do gach uile duine sa seomra seo go bhfuil dochar damanta déanta don Ghaeilge agus dá stádas sna scoileanna T2. Tá teachtaireacht an-soiléir á tabhairt do pháistí – má tá aon dúshlán nó riachtanas breise agat gur fiú agus gur fearr duit an díolúine a lorg. Tá teachtaireacht á tabhairt nach bhfuil siad in ann ag an nGaeilge, cé go bhfuil an teachtaireacht chéanna á thabhairt sna teangacha eile. Cén toradh atá ar seo, a chairde? Tá luach na teanga titithe ina súile agus tá a gcumas i leith na teanga íslithe ina n-aigní féin. In áit clár agus curaclam a chur ar fáil dóibh atá oiriúnaithe dá gcuid riachtanais, tá an teanga á baint uathu – agus leis an gníomh seo, a gcuid deiseanna í a shealbhú agus a úsáid sa todhchaí. Anois, deir an Roinn nach mbaineann sé linn sa chóras lán-Ghaeileg agus Gaeltachta – ach táim cinnte nach mé an t-aon phríomhoide atá ag cailliúnt daltaí atá ag aistriú go scoileanna Béarla anois ar chomhairle phríomhoidí iarbhunscoile an díolúine a ‘bheith sa chúlphóca’ don iarbhunleibhéal. Goilleann sé orm go mór, ach ní foláir gur gá a aithint gur riosca suntasach atá sa chriorclán seo do thodhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais.
A chairde Gaeil, sula bhfágaim sibh inniú, impim oraibh bhur nguthanna a úsáid, a chéile agus bhur bpobal a ghríosadh agus chumasú chun POLG láidir, le fís shoiléir d’oideachas ar ardchaigheán a éileamh dár ndaltaí agus go mbainfí amach cur chuige comhtháite don tumoideachas idir Gaeltacht agus lasmuigh dí. Níl ach deis amháin ag ár ndaltaí oideachas ar ardchaighdeán a fháil agus iad ag linn. Leis an toghachán agus POLG ag druidim linn go luath; ná ligimís síos iad. Bímís mar aon ghuth amháin aontaithe le cloisteáil ag éileamh an caighdeán is fearr dóíbh.
Sa chás áirithe seo, ní binn béal ina thost. Tá ár gcuid éilimh soiléir, tá siad leagtha amach agus curtha in iúl. Ar aghaidh linn go misiúil a chairde.
Go raibh míle maith agaibh agus go mbaine sibh tairbhe agus taitneamh as an ócáid speisialta seo.