Ar Ais ar Scoil: Gaeilge do Thuismitheoirí!

Oct 24, 2025

Screenshot 2025 10 17 154547

Tá frásleabhar saor in aisce á chur ar fáil ag Gaelchultúr a dearadh go speisialta do thuismitheoirí chun tuilleadh Gaeilge a fhí isteach i ngnáthamh clainne agus iad ag filleadh ar scoil. Tá an acmhainn seo lán go béal leis na céadta frása praiticiúil agus le hainmneacha ceana, lena chinntiú go mbeidh na frásaí cuí Gaeilge acu is cuma más am éirithe, am béile nó am folctha atá ann. Brúigh ar an nasc thall chun iarratas a dhéanamh air: