Ball Foirne Nua : Bainisteoir Tionscadail – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do na Luathbhlianta

Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh ár mBainisteoir Tionscadail nua. Is oideoir spreagúil agus cruthaitheach í Nuala Ní Chonláin ar chainteoir dúchais Gaeilge í as an Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá saineolas aici ar chúrsaí bunscoile, na luathbhlianta agus ar fhorbairt teanga. Tá gairmréim fhada, ilghnéitheach aici, le taithí shaibhir ag múineadh i scoileanna Gaeltachta, i nGaelscoileanna agus go hidirnáisiúnta.
Chaith Nuala blianta fada ag múineadh agus i mbun bainistíochta i scoileanna agus i naíolanna sa Mheánoirthear agus san Áise. Bhí ról lárnach aici i mbunú, earcú agus maoirseacht a dhéanamh ar thrí naíolann mhóra sa tSín. Chomh maith leis an obair sa seomra ranga, tá taithí láidir riaracháin agus cheannaireachta aici. D’oibrigh sí mar Leas-Stiúrthóir Oideachais agus mar Bhainisteoir Curaclaim & Dearbhaithe Cáillíochta, poist inar fhorbair sí cáipéisí nuálacha curaclaim agus inar bhainistigh sí córais dhearbhaithe cáilíochta, oiliúint múinteoirí agus córas comh-mhúinteoireacht chun forbairt teanga a chuimsiú sna hoidí.
Chaith Nuala tréimhse ag obair in earnáil an Phleanáil Teanga i gCois Fharraige. Tá Nuala ag súil go mór leis an mbronnadh céime – Máistreacht san Oideachas lán Ghaeilge agus Gaeltachta I ó Choláiste na Trionóide i mí Aibreán.
Beidh Nuala ag tabhairt faoi na gnéithe seo a leanas le Gaeloideachas:
- Comhordú a dhéanamh ar FGL do na luathbhlianta.
- Obair i gcomhpháirt le páirtithe eile chun FGL na luathbhlianta a oiriúnú do shuíomhanna tumoideachais.
- Tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta don Ghaeilge sna luathbhlianta (Roinn Leanaí, 2026).
- Páirt a ghlacadh i scéimeanna tacaíochta, seimineáir eolais, comhdhálacha oideachais, agus margaíocht ar an tumoideachas agus an ilteangachas.
Fáiltíonn sí roimh fhiosrúcháin nó iarratais ó sholáthraithe luathbhlianta agus Coláistí Oideachais agus triú leibhéil. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Nuala ag nuala@gaeloideachas.ie.