Beatha Teanga: ag cothú na Gaeilge labhartha ag an iar-bhunleibhéal (físeán ar fáil anois)

Apr 17, 2023

Fógrán do sheimineár ar Ghaeilge Labhartha ag an IBL - Beatha Teanga - 25 Aibreán 2023

Dé Máirt 25ú labhair Orlagh Ní Fhaoláin (Príomhoide, Gaelcholáiste Cheatharlach), Bróna Ní Uallacháin (Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal) agus Diarmaid Ua Bruadair (Príomhoide, Gaelcholáiste Dhoire) faoi shlite chun na Gaeilge labhartha a chur chun cinn lasmuigh den seomra ranga i scoileanna dara leibhéal.

Beidh leagan nua de Beatha Teanga forbartha ag Gaeloideachas i mbliana, bunaithe ar thaithí agus ar dhea-chleachtas ó scoileanna. Is í sprioc Beatha Teanga ná dearcthaí dearfacha agus gníomhartha a spreagadh i measc phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chuirfidh le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga na cumarsáide, an spraoi agus an tsóisialaithe. Má tá suim agat a bheith mar chuid den fhorbairt sin seol r-phost chugainne.