Beatha Teanga – Pacáiste Tacaíochta Nua á Fhoilsiú ar Líne 

Apr 21, 2021

Beatha Teanga (Suíomh)

Tá ríméad ar Gaeloideachas pacáiste tacaíochta nua a fhoilsiú inniu ar líne ag cur leis an leabhrán Beatha Teanga, a chabhróidh le scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus a gcuid pobal an Ghaeilge a choinneáil beo mar theanga na cumarsáide.

BEATHA TEANGA – An Ghaeilge: Teanga na Cumarsáide, an Spraoi agus an tSóisialaithe teideal iomlán an phacáiste agus is acmhainn thacaíochta é a chuidíonn le scoileanna an Ghaeilge a spreagadh mar theanga nádúrtha cumarsáide, ní amháin sna ranganna ach i ngach réimse de shaol na scoile: sa chlós, sa dorchla scoile, ar an bpáirc spraoi, sa seomra foirne, san oifig riaracháin, ag cruinnithe foirne, cruinnithe bord bainistíochta agus mar sin de.

Beatha Teanga dírithe ar na grúpaí ar fad i bpobal iomlán na scoile – daltaí, tuismitheoirí, an fhoireann teagaisc, an fhoireann tacaíochta, an príomhoide, an Bord Bainistíochta agus Coiste na dTuismitheoirí. Dírítear freisin ar an bpobal lasmuigh de gheataí na scoile.

Cuimsíonn an acmhainn nua seo ar www.gaeloideachas.ie:

  • físeáin ar a bhfuil múinteoirí agus príomhoidí ag tabhairt a dtaithí féin maidir leis na téamaí atá á bplé agus oifigigh pleanála teanga ag labhairt faoina gcuid oibre féin le scoileanna
  • spreagcheisteanna agus spreagsmaointe ón leabhar i bhfoirm sleamhnáin chun ceardlanna a éascú
  • teimpléad de Pholasaí Labhairt na Gaeilge – atá le hiomlánú de réir rogha agus mianta na scoile
  • naisc le h-acmhainní eile ó Gaeloideachas agus ó eagraíochtaí eile a chuireann le sprioc Beatha Teanga

Is tionscadal beo leanúnach é Beatha Teanga. Beidh acmhainní, físeáin, podchraoltaí agus nascanna cuiditheacha eile á gcur leis an suíomh go rialta, chun cuidiú le scoileanna an ghné riachtanach sin den teanga a chothú – an chuid bheo nádúrtha a fhásann as pobal beo a bheith á cleachtadh!

Tá Beatha Teanga le fáil ar www.gaeloideachas.ie/Beatha-Teanga

Féach ar an ngearrfhíseán thíos chun léargas a fháil ar Beatha Teanga: