Beatha Teanga: Seimineáir Ar Líne
I mbliana d’fhoilsigh Gaeloideachas an leabhrán tacaíochta Beatha Teanga ar líne mar áis do scoileanna chun an Ghaeilge mar theanga an tsóisialaithe a spreagadh.
Ag eascairt óna smaointe sa leabhrán beidh Gaeloideachas ag reachtáil sraith ceardlann ar líne ina dtabharfar samplaí faoin gcaoi ar féidir an leabhrán Beatha Teanga a úsáid.
Mar chuid den tsraith seo bhí aoi-chainteoir/áisitheoir Dr TJ Ó Ceallaigh agus Dónal Ó hAiniféin linn leis an leabhrán a phlé agus a thaithí féin ar an nGaeilge mar theanga an tsóisialaithe a chur chun cinn. Bhí an cheardlann seo i mí Bealtaine dírithe ar Ghaeltacht Chonamara agus is féidir breathnú siar anois ar YouTube nó thuas.