Bímís Réidh!

Jul 7, 2020

Bímís Réidh

The Irish version of the Let’s Get Ready website is now live at: www.gov.ie/ullmhaimis

D’athraigh saolta leanaí óga go tobann nuair a dúnadh seirbhísí foghlama agus cúraim na luath-óige agus scoileanna i mí an Mhárta mar fhreagairt ar éigeandáil COVID-19. De réir mar a ullmhaíonn leanaí le filleadh ar sheirbhísí foghlama agus cúraim na luath-óige nó an t-aistriú a dhéanamh chuig an réamhscoil agus an scoil den chéad uair, ba chóir do thuismitheoirí a bheith cinnte go bhfuil roinnt gníomhartha ar féidir leo a dhéanamh sa bhaile chun tacú leis na haistrithe tábhachtacha seo. Níos mó eolas anseo: gov.ie/ullmhaímis