Ceol sa Naíonra
Tá an ceol fréamhaithe i nádúr an duine. Deirtear gur anáil na beatha é. Is breá le páistí a bheith ag ceol- is cuma más ag canadh; ag tabhairt faoi rainn rithimeacha; nó ag seinm uirlísí ceoil atá siad. Cothaíonn an ceol atmaisféar faoi leith i seomra an Naíonra.
Úsáidtear ceol bríomhar agus na páistí i mbun gníomaíochtaí agus úsáidtear ceol ciúin agus iad ag glacadh sosa.
Nuair a chuirtear gluaiseachtaí / geáitsíocht leis an gceol, cuirtear leis an taitneamh a bhaineann an páiste as, agus cuirtear lena dtuiscint agus le saibhreas na Gaeilge.