Cur i bhfeidhm éifeachtach an luath-thumoideachais iomláin, 13 Aibreán 2021
Téama: Cur i bhfeidhm éifeachtach an luath-thumoideachais iomláin: dea-chleachtais, straitéisí agus moltaí praiticiúla ó pheirspictíocht agus thaithí scoileanna éagsúla
Dírithe ar: Múinteoirí agus príomhoidí bunscoile
Am agus áit: 13 Aibreán 2021, 19.00, Zoom
Aoichainteoirí: Caitlín Uí Shúilleabháin, Scoil na Maighdine Muire gan Smál, Camus, Deirble Nic Conghamhna, Scoil Neasáin agus Máire Ní Mhaoileoin, Scoil Neasáin
Le linn na ceardlainne seo roinnfear straitéisí agus acmhainní praiticiúla le múinteoirí agus príomhoidí maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach an luath-thumoideachais iomláin ag díriú ar chúrsaí ceannaireachta, forbairt na luath-litearthachta, cothú saibhris agus spreagadh na Gaeilge labhartha, múineadh an Bhéarla agus go leor eile. Roinnfear moltaí fiúntacha sa cheardlann a rachaidh chun leasa scoileanna a bhfuil an luath-thumoideachas iomlán i bhfeidhm acu cheana agus scoileanna ar mhaith leo an tréimhse thumoideachais a shíneadh. Díreofar go mion ar na nithe thíos lena linn:
- An Luath-litearthacht agus fónaic (Mar a Déarfá! Cód na Gaeilge, Séideán Sí agus cláir eile)
- Polasaí agus cur chuige don léitheoireacht sna bunranganna
- Múineadh an Bhéarla i Rang a hAon agus Rang a Dó
- An teanga ó bhéal agus saibhreas teanga – pleanáil agus acmhainní, spreagadh agus mealladh
- An Clár Aistear – foclóir & sealbhú teanga, réamhullmhúchán agus seifteanna eile leis an leas is fearr a bhaint as stáisiúin
- Difreáil/idirdhealú – cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí
- Cur i bhfeidhm an luath-thumoideachais i suíomh ilranganna
- Cúntóirí teanga/múinteoirí Gaeilge – conas an leas is éifeachtaí a bhaint as a gcuid cúnaimh i scoil Ghaeltachta
- Aistear scoile agus iad ag athrú a cur chuige maidir le múineadh an Bhéarla agus síneadh an tumoideachais
- Tacú le tuismitheoirí – ábhar imní agus ceisteanna a phlé agus tacú leo cúnamh a thabhairt dá bpáistí ar aistear an luath-thumoideachais
Caitlín Uí Shúilleabháin, Scoil na Maighdine Muire gan Smál
Is príomhoide teagaisc í Caitlín i Scoil na Maighdine Muire gan Smál, scoil Ghaeltachta i gCamus. Tá blianta taithí aici ag múineadh i scoileanna an cheantair. Tá cleachtadh ag Caitlín ag déanamh idirdhealú ranga de réir cumais teanga is í ag plé go laethúil le foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais sa rang. Tá cúrsa iarchéime bainte amach aici san Oideachas lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá Caitlín mar stiúrthóir ar Ionad Múinteoirí Chonamara faoi láthair a bhíonn ag reáchtáil cúrsaí forbartha gairmiúla do mhúinteoirí sa cheantar
Deirble Nic Conghamhna, Scoil Neasáin
Is príomhoide í Deirble i Scoil Neasáin, Baile Átha Cliath 5. Rugadh agus tógadh í i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail sí féin ar Ghaelscoil a chuir tumoideachas i bhfeidhm agus lean lena cuid oideachais tríd an gcóras Gaelscolaíochta. Chaith sí tréimhse ag múineadh i scoileanna Béarla sular tháinig sí go Scoil Neasáin i 1992. Ceapadh mar phríomhoide ansin í sa bhliain 1999 agus tá sí ann ó shin. Tá spéis ar leith aici i gcúrsaí sealbhú teanga agus múineadh na Gaeilge.
Máire Ní Mhaoileoin, Scoil Neasáin
Is múinteoir bunscoile agus príomhoide tánaisteach í Máire i Scoil Neasáin, i mBaile Átha Cliath Thuaidh. Tá breis agus 30 bliain taithí ag Máire ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge, agus cúpla bliain freisin ag múineadh i scoil Bhéarla. Tá Máire ag obair mar mhúinteoir tacaíochta foghlama sa scoil le seacht mbliana anuas, agus tá spéis ar leith aici i bhforbairt na litearthachta sna bunranganna. Bhain Máire amach Dioplóma Iarchéime i Riachtanais Speisialta Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 2017. Is as Co an Chláir do Mháire ó dhúchas.
Tá an fhoirm seo dúnta anois. Coinnigh súil ar ár suíomh do thaifead den ócáid seo.