Cúrsa Garchabhrach do Naíonraí

Dec 6, 2019

Tá Cúrsa 3 lá ar an nGarcabhair á reachtáil ag Gaeloideachas i mBaile Átha Cliath ar:

  • 9:00 – 18:00 Máirt, 14 Eanáir
  • 9:00 – 18:00 Déardaoin, 23 Eanáir
  • 9:00 – 18:00 Déardaoin, 6 Feabhra

Beidh an cheardlann seo á chur i láthair trí mheáin na Gaeilge ag Gearóid Oman ó Slán Sabhailte agus ar siúl in oifigí Gaeloideachas, Baile Átha Cliath (D09 K4P6).

Is gá go bhfreastlófar ar gach lá den chúrsa seo le bheith i dteideal teastas FAR.

Beidh costas €90 an duine ar an gcúrsa seo agus beidh lón san áireamh.

NÍL ACH 8 SPÁS AR AN GCÚRSA SEO – tapaigí an deis!*

Cuir do spás in áirithe luath seachas mall le ríomhphost a sheoladh chuig jill@gaeloideachas.ie

*Ní bheidh spás deimhnithe d’aon duine go dtí go mbeidh táille an chúrsa faighte ag Oifigí Gaeloideachas agus ríomhphost faighte ag an naíonra ó Gaeloideachas ag deimhniú an spás sin.