Cúrsa Samhraidh EPV – eagraithe ag COGG

Teagasc, Foghlaim agus Measúnú na Léitheoireachta do gach Foghlaimeoir. Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta, Leagfar béim ar chur chuige ionchuimsitheach, ar riachtanais speisialta oideachais, ar dhélitearthacht, agus ar úsáid éifeachtach áiseanna litearthachta sa seomra ranga.
Reáchtálfar an cúrsa sna hionaid seo a leanas:
1–7 Iúil – Baile Átha Cliath: Gaelscoil Naomh Pádraig
6–10 Iúil – Gaillimh: Gaelscoil Mhic Amhlaigh
17–21 Lúnasa – Corcaigh: Gaelscoil Uí Riada