Sa cheardlann roinnfear straitéisí praiticiúla agus roinnt taighde maidir leis an bhealach is éifeachtaí chun teanga a chomhtháthú sna sainábhair ag leibhéal iar-bhunscoile, bunaithe ar chás-staideár ar Choláiste Feirste in 2022-23. Go hiondúil bíonn comhtháthú na Gaeilge mar aincheist do chleachtóirí iar-bhunscoile, tabharfaidh an cheardlann seo spléachadh ar an chur chuige déach a cuireadh i bhfeidhm i gColáiste Feirste le comhtháthú na Gaeilge a neartú trasna na ranna. Déanfaidh an cheardlann cur síos ar na ceisteanna taighde a bhí ag Caitlín anuraidh;
- Luacháil scoile: Cén chuma a bhí ar phleanáil don chomhtháthú ábhar agus teanga sa scoil ag tús na bliana?
- Pleanáil teanga: Cén chuma a bheas ar phleanáil éifeachtach don chomhtháthú ábhar agus teanga i gcomhthéacs na scoile i mbliana?
- Forbairt ghairme: Cad iad na deacrachtaí atá ag sainmhúinteoirí ag iarraidh teanga a chomhtháthú ina sainábhair agus cad é atá de dhíth mar thacaíocht chun na deacrachtaí seo a shárú?
- Cén tionchar a bhí ag an chur chuige déach seo ar chleachtas na sainmhúinteoirí agus ar fhoghlaim na ndaltaí?
Déanfar cur síos ar na torthaí taighde.
Is múinteoir iar-bhunscoile í Caitlín Ní Ruanaidh i gColáiste Feirste, Co. Aontroma. Is ceannaire roinne í ar an Roinn Staire, feidhmíonn sí mar mhúinteoir-teagascóir ag tacú le múinteoirí ionduchtúcháin sa scoil agus is múinteoir sinsearach í chomh maith. Tá trí bliana déag do thaithí múinteoireachta ag Caitlín in earnáil na gaelscolaíochta, ag leibhéal iar-bhunscoile. Thug sí faoi MA san oideachas anuraidh le Coláiste Ollscoile Naomh Muire. Dhírigh sí ar an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga mar ábhar máistreachta.