Roinnfidh Bróna Ní Uallacháin straitéisí uathúla atá i bhfeidhm ina gcuid scoileanna maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, a láidriú agus a shaibhriú mar theanga an tsóisialaithe agus na cumarsáide ar bhonn uile scoile. Pléifear an ceangal idir an scoil agus bunscoileanna áitiúla, conas a spreagtar na scoláirí sna blianta éagsúla, gníomhaíochtaí atá ar bun agus céard a oibríonn dóibh. Anuas air sin, pléifear ról phobal uile na scoile agus conas úinéireacht a thabhairt do na páirtithe éagsúla.
I measc na réimsí a phléifear, beidh:
- Ról na drámaíochta agus na nEalaíon Béil chun iompar teanga agus smaointe a spreagadh
- Freagracht agus úinéireacht sna scoláirí a chothú (Laochra Teanga)
- Imeachtaí nuálacha Gaelacha a eagrú
- Féiniúlacht na scoláirí a shainiú agus a chothú
Déanfar tagairt do Bheatha Teanga de chuid Gaeloideachas agus conas a bhaintear leas as an acmhainn seo go praiticiúil. Breis eolais: www.beathateanga.ie
Rugadh agus tógadh Bróna Ní Uallacháin le Gaeilge i gceantar Oirialla i gCo. Lú. Tá sí anois ag múineadh i meánscoil bhríomhar Ghaeltachta sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara. Ceapadh í mar nascmhúinteoir na Scéime Aitheantais i gColáiste Chroí Mhuire in 2017.