Labhróidh Proinsias de Poire, Príomhoide Choláiste Eoin, maidir le cultúr agus cothú na folláine ar bhonn traschuraclaim agus uile scoile i gColáiste Eoin. Tá Brat Ómra ag Coláiste Eoin le fada agus roinnfear roinnt dá aistear foghlama thar na blianta, mar aon le straitéisí cabhracha chun tacú leis na scoláirí a bheith feasach faoina gcuid sláinte mheabhrach, conas dul i ngleic le dúshláin agus scileanna teacht aniar a fhobairt.
Pléifear an phleanáil, na cleachtais agus na gníomhaíochtaí uile scoile a bhíonn idir lámha le timpeallacht shláintiúil, thacúil agus ionchuismitheach a chothú do phobal na scoile. Labhrófar faoi roinnt de na himeachtaí a chuirtear ar siúl freisin leis an bhfolláine a chur chun cinn agus taispeánfar físeán a léireoidh roinnt de chur chuige praiticiúil na scoile ó lá go lá.
Is é Príomhoide Choláiste Eoin é Proinsias de Poire ó 2016. Rugadh agus tógadh é cúpla míle ón gColáiste. Is ann a fuair sé a chuid oideachais agus traenála múinteoireachta. Tá nach mór 50 bliain caite aige sa choláiste agus tá an-chuid athruithe feicthe aige thar na blianta “Fiche Bliain ag Fás”. Tá an-dúil aige sa cheol tradisiúnta agus i gcúrsaí spóirt. Is é croílár chultúr na scoile atá leagtha síos le blianta fada ná Meas agus Misneach a chothú i measc na scoláirí.