Ceardlann spreagúil idirghníomhach faoin bpacáiste eolais (Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, COGG 2023) agus faoi na hacmhainní treorach ar líne atá curtha le chéile ag COGG (i gcomhar le Saoloibre.ie) maidir leis an iliomad deiseanna Gairmeacha le Gaeilge atá ar fáil do dhaoine óga sa saol mór. Pléifear na hacmhainní féin agus an cur chuige is fearr chun iad a úsáid sa seomra ranga. An aidhm atá ann ná daoine óga a mhealladh chun smaoineamh níos eolaí agus níos géarchúisí a dhéanamh ar na roghanna agus na gairmeacha le Gaeilge atá ann dóibh, más mian leo an deis sin a thapú.
Is iarchigire i gcúrsaí Treorach agus is iarmhúinteoir nuatheangacha é Seán P Ó Briain. Rinne sé go leor cigireachtaí as Gaeilge ar Ghaelcholáistí i gCúige Laighean, i gcathair Luimnigh agus i nGaeltacht Mhuscraí. Tá an-taithí aige ar an Treoir agus tá an-suim aige sa ghaeloideachas. Faoi láthair, tá sé ag cuidiú mar chomhairleoir le COGG ar an togra ‘Gairmeacha le Gaeilge’.
Is Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG í Aoife Ní Shéaghdha ó mhí Eanáir 2023. Tá 20 bliain taithí ag Aoife ag teagasc agus i mbun taighde d’Institiúidí triú leibhéal éagsúla, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Coláistí Chorca Dhuibhne (cúrsaí na n-ábhar oidí). Tá roinnt mhaith tograí taighde curtha i gcrích aici i réimse an Tumoideachais agus na Sochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht.