Sa cheardlann seo, tabharfar aghaidh ar shain-inniúlachtaí an mhúinteora tumoideachais sa chomhthéacs iar-bhunleibhéil. Leis sin, bunófar mórchuid na cainte ar thogra taighde PhD a dhírigh ar an gcleachtas comhtháite ábhar agus teanga a chur chun cinn san iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge i gcomhthéacs na Gaeltachta. Clúdófar na téamaí a leanas mar chuid de chlár na cainte:
- Bonn eolais an dea-oide tumoideachais le seicliosta eiseamláireach a nochtadh don earnáil lán-Ghaeilge trí chéile;
- Móréileamh an chomhtháthaithe a mhaíonn go mbeadh gach múinteoir ábhair ina múinteoir teanga;
- Teicnící oideolaíochta mar aon le dea-chleachtas rangbhunaithe ón ngort i leith an chomhtháthaithe;
- An cosán dul chun cinn leis an gcleachtas comhtháite inmhianaithe a thabhairt chun críche.
Is múinteoir Gaeilge agus Eacnamaíocht Bhaile í an Dr Sarah Ní Dhuinnín a bhfuil taithí mhúinteoireachta éagsúla aici sa chomhthéacs T1 agus T2 araon. D’fheidhmigh sé mar mhodheolaí na Gaeilge i gColáiste San Aingeal, Sligeach, agus ina dhiaidh sin mar léachtóir agus mar chomhordaitheoir gníomhach ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Faoi láthair, tá sí ina Comordaitheoir ar an nGaeilge in Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh. Tá taighde PhD bainte amach aici i mbliana i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, ar an gcomhtháthú ábhar agus teanga sa chomhthéacs iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge.