Dréachtsonraíocht T1 do Ghaeilge na hArdteiste
Mar is eol daoibh, d’fhoilsigh an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dréachtsonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteiste do scoileanna T1 & T2 le linn mhí Feabhra. Tá Gaeloideachas ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an CNCM an comhairliúchán a chur siar go mbeidh athbhreithniú déanta ar an nGaeilge sa tSraith Shóisearach. Is féidir seasamh Gaeloideachas i leith na ceiste seo agus ceisteanna eile a bhaineann le dréachtsonraíocht T1 a fheiceáil sa bhileog stocaireachta atá ceangailte leis seo. Bheimis fíorbhuíoch daoibh as tacaíocht a léiriú do na héilimh seo.
Bhí plé cuimsitheach i leith na ceiste seo ar chlár Mháirín Uí Gadhra inné, tráth ar labhair Fíona Uí Uiginn thar ceann na heagraíochta faoinár seasamh. Féadfar éisteacht siar leis (éist ó 19.00 ar aghaidh) ag An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra (rte.ie)