FÍS ’26

Jan 28, 2026

Is comhdháil nua í FÍS ‘26 atá á h-eagrú ag Conradh na Gaeilge a thugann daoine óga le chéile chun léargas a thabhairt dóibh ar na slite uile éagsúla a bhfuil an Ghaeilge ag múnlú na todhchaí. Tugann an lá seo scoláirí, mic léinn, gairmithe óga, cruthaitheoirí agus eagraíochtaí Gaeltachta, Gaeilge agus Stáit le chéile le oll-theachtaireacht amháin: is bua luachmhar sa bhreis í an Ghaeilge sa saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta.

FÍS ’26: Eolas & Clárúchán