Fóraim nua do na naíonraí á mbunú ag Tusla

Sep 20, 2021

Tá dhá fhóram nua á mbunú ag Tusla le plé a dhéanamh le hearnáil na luathbhlianta, agus tá deis ag naíonraí iad féin a chur chin cinn mar bhaill.

Tá sé den riachtanas go mbeadh guth na naíonraí le cloisteáil sna fóraim seo, agus go mbeadh ionadaíocht ann ó naíonraí lonnaithe lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta.

Bíonn Gaeloideachas i mbun stocaireachta ar son na hearnála sna fóraim do na páirtithe agus eagraíochtaí luathbhlianta, ach seo deis d’ionadaithe ó na naíonraí féin amhlaidh a dhéanamh.

Más suim leat bheith páirteach, ní gá ach an fhoirm iniata a chomhlánú agus a sheoladh chuig sile.lorigan2@tusla.ie roimh an 30 Meán Fómhair 2021.

Is deis iontach a bheidh ann aithne a chur ar daoine gairmiúla eile atá ag treabhadh sa ghoirt céanna, agus tionchar dearfach a imirt ar thodhchaí na hearnála.