Gaeilge na hArdteiste: Treoirphointí maidir leis an gComhairliúchán faoi na Dréachtsonraíochtaí
Tá dréachtsonraíocht foilsithe do Ghaeilge na hArdteiste agus tá comhairliúchán ar bun faoi láthair ag an CNCM ina leith. Cuirfear críoch leis an gcomhairliúchán ar an 31.08.21, ach amháin má fhógrófar síneadh ama le linn an tsamhraidh.
Tá sé ríshoiléir gur am fíordheacair é seo le bheith ag iarraidh ar mhúinteoirí suirbhéanna a líonadh nó aighneachtaí a scríobh, agus is cinnte nach bhfuil sé ceart bheith ag brath ar líon ard freagraí le linn bhriseadh an tsamhraidh.
Mar sin, chun cabhrú leis na múinteoirí a dtuairimí ar an gceist fhíorthábhachtach seo faoi shonraíochtaí nua don Ghaeilge (sonraíocht T1 do dhaltaí sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus sonraíocht T2 do dhaltaí sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla), tá cáipéis ullmhaithe ag Gaeloideachas do mhúinteoirí, a thugann eolas, treoirphointí agus spreagcheisteanna dóibh le cur san áireamh sa suirbhé / aighneacht. Bheinn an-bhuíoch díot as an teachtaireacht seo a chur ar aghaidh chuig foireann na scoile / na Gaeilge a luaithe is a bhíonn deis agat.
Beidh an CNCM ag déanamh cinnidh an mhí seo chugainn maidir le síneadh ama, agus molaimid go mór do mhúinteoirí, suirbhéanna nó aighneachtaí a chur isteach roimh bhriseadh an tsamhraidh, ar fhaitíos nach mbíonn deis arís.
Má tá aon cheist nó eile agat faoin ábhar seo, d’fháilteoimis roimh theagmháil uait ag eolas@gaeloideachas.ie
-
Treoirphointí & spreagcheisteanna Gaeloideachas mar thacaíocht do Mhúinteoirí anseo
- Aigneachtaí Scríofa: Cuireann CNCM fáilte roimh aighneachtaí scríofa mar chuid den chomhairliúchán ar dhréachtsonraíocht Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1. Is féidir d’aighneacht a sheoladh chugainn trí r-phost ag comhairliuchanT1@ncca.ie. Glacfar le haighneachtaí go dtí 5.00in ar an Máirt, 31 Lúnasa 2021.