I gcuimhne ar Shinéad Ní Nualláin
Ba le croí trom a chualamar an nuacht bhrónach gur cailleadh Sinéad Ní Nualláin. Ba chara mór í Sinéad linn mar eagraíocht, linn mar phobal na scoileanna lán-Ghaeilge agus linn uile a bhfuil an Ghaeilge agus múineadh trí Ghaeilge gar dár gcroíthe.
Ba phríomhoide agus mhúinteoir í a bhí tumtha i leas na bpáistí, agus thug sí faoi i gcónaí le paisean agus grá. Bhí fuinneamh álainn dearfach aici, a chuaigh i bhfeidhm orainn uile a raibh d’ádh orainn aithne a bheith againn uirthi. Go pearsanta, agus mé sna blianta tosaigh i mo ról leis an eagraíocht, agus ag staid a raibh Sinéad go díograiseach ag tabhairt faoi Ghaelscoil Átha Í a bhuanú, bhí sí ar fáil i gcónaí domsa mar chrann taca agus mar bhall gníomhach dár gcuid oibre.
Airímid uainn go mór í lena haoibh chairdiúil, spreagúil, nádúrtha agus a súile lonracha.
Tá ár smaointe lena muintir, le pobal uile Ghaelscoil Átha Í, le foireann, páistí agus tuismitheoirí Ghaelscoil Phort Laoise agus a chairde uile ag an am deacair seo. Suaimhneas síoraí dá hanam.
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas agus Seán Ó hArgáin, Uachtarán Gaeloideachas