Léitheoireacht sa dá theanga: Buntáistí & dúshláin
Ócáid i bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) le haghaidh Múinteoirí agus Teiripeoirí Urlabhra & Teanga atá ag obair in oideachas trí Ghaeilge. Beidh an chaint seo trí Bhéarla.
An tOllamh Cunta Maria Garraffa, Ollscoil Dhún Éideann Heriot Watt
Dáta: An 25 Bealtaine 4-5pm ar Zoom
Cláraigh anseo: https://www.eventbrite.com/e/reading-in-two-languages-benefits-and-challenges-tickets-152014045101 (Cuirfear nasc Zoom chugat tar éis clárúcháin)
Tá an ócáid ghearr in FGL eagraithe i dtrí chéim a chlúdaíonn cleachtas agus teoiricí ar fhoghlaim na léitheoireachta i níos mó ná teanga amháin.
AN CHÉAD CHÉIM: Sa seimineár labhróidh saineolaí faoi shamhlacha síceolaíocha ar an léitheoireacht i níos mó ná teanga amháin agus faoi shonraí ó thionscadal a rinneadh ar na mallaibh ar léitheoirí Ghaeilge na hAlban.
AN DARA CÉIM: Tar éis an tseimineáir, iarrfar ar mhúinteoirí a gcuid taithí a phlé maidir le múineadh na léitheoireachta sa Ghaeilge agus na dúshláin a bhaineann leis.
AN TRÍÚ CÉIM: Déanfar plé ar threoracha le haghaidh tacaíocht léitheoireacht na Gaeilge.
Cad a fhoghlaimeoidh tú?
- Na príomhghnéithe de thuiscint na léitheoireachta i níos mó ná teanga amháin
- Gnéithe atá leochaileach i bhfoghlaim léitheoireachta i mionteangacha
- Céimeanna chun tuiscint na léitheoireachta a rianú
- Dea-chleachtas le haghaidh pobail dhátheangacha.
Maria Garraffa – is Ollamh Cunta sa tSícitheangeolaíocht í Maria agus tá PhD san Eolaíocht Chognaíoch in éineacht le BE sa Teangeolaíocht aici. Déanann sí taighde feidhmeach a dhíríonn ar shealbhú teanga i gcúinsí éagsúla a bhaineann le díth shóisialta agus chogníoch, mar shampla, cás páistí inimirceach, páistí a bhfuil lagú foghlama acu, agus cainteoirí mionteangacha.