Misneach Dhaltaí Ghaelscoil na Dúglaise

Apr 12, 2026

Smaoinigh daltaí scoile Ghaelscoil na Dúglaise i gCorcaigh ar phlean an-spreagúil do Sheachtain na Gaeilge 2026, sin ‘Gaeltacht’ nua a bhunú! Tá an Ghaelscoil 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus an Ghaeilge á ceiliúradh sa cheantar áitiúil ag pobal na scoile. Le daltaí chomh gníomhach agus cruthaitheach, níl dabht ar bith ach go bhfuil 40 bliain eile agus os a chionn sin i ndán do Ghaelscoil na Dúglaise. Comhghairdeachas leo! Féach an scéal ina iomláine mar a tuairiscíodh é ar Tuairisc.ie 6 Márta 2026.