Múineadh na Scríbhneoireachta, 11 Bealtaine 2021, 16:00

Apr 7, 2021

11.05.21 Scríbhneoireacht (Sleamhnán)

Téama: Múineadh na scríbhneoireachta sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta 

Dírithe ar: Múinteoirí agus príomhoidí bunscoile 

Am agus áit: 11 Bealtaine 2021, 16:00, Zoom 

Aoichainteoir: Micheál S. Mac Donnacha, Scoil Mhic Dara agus COGG 

“Aithnítear sa churaclam gur cuid d’fhoghlaim na teanga í an scríbhneoireacht. Is scil í a chaithfear a fhoghlaim agus a chleachtadh” (Curaclam Teanga na Bunscoile). Is scil í an scríbhneoireacht agus mar scil, caithfear í a mhúineadh agus tosaíonn an mhúinteoireacht sin sna bunranganna. Le linn na ceardlainne, breathnófar go mion ar an scríbhneoireacht agus conas í a mhúineadh mar chuid de phróiseas leathan ag tabhairt airde ar na seánraí, agus ghnéithe eile atá ag baint leis an scríbhneoireacht. Tá suas le cúig bhliana déag caite ag Micheál S. ag tabhairt ceardlann. 

Micheál S. Mac Donnacha 

Is múinteoir bunscoile Gaeltachta é Micheál S. atá ina chónaí ar an gCeathrú Rua. Tá sé ar iasacht ón scoil anois le cúpla bliain anuas agus ag obair mar oifigeach oideachais le COGG, ag plé go sonrach leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. Is Leas-Uachtarán ar Bhord Gaeloideachas é Micheál freisin.

Tá clárúchán don imeacht seo dúnta anois. Coinnigh súil ar an suíomh don taifead ina dhiaidh na hócáide.