Nuachtlitir an Mhata don Iar-bhunleibhéal

Oct 8, 2020

Mata an Iarbhunleibhéil GIF

Mata & an Uimhearthacht san Iarbhunscoil

Tá an-áthas ar Gaeloideachas an nuachtlitir speisialta seo do Sheachtain Mhata na hÉireann a roinnt libh. Léigh an nuachtlitir anseo: https://mailchi.mp/235b9a224d32/ag-aistri-chuig-an-iar-bhunscoil-ln-ghaeilge-agus-ghaeltachta-5090741

An bhfuil cur amach agat ar na hacmhainní mata thíos atá ar fáil don iar-bhunleibhéal? Ina measc, tá acmhainní úsáideacha ó CCEA, CensusAtSchool, COGG, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST), an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT), mar aon le hacmhainní suimiúla do dhaoine óga a  bhfuil suim acu gairm a bheith acu sa réimse eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice. Ná déan dearmad go bhfuil acmhainní luachmhara do gach ábhar ar fáil in eolaire agus i mbunachar áiseanna COGG. Tá leathanach faoi leith ag COGG chomh maith ar an mata iar-bhunleibhéil le físeáin, póstaeir agus acmhainní fíorúsáideacha eile bailithe le chéile. 

D’éinne nach raibh deis acu freastal ar cheardlann Deborah Ní Cheallaigh ar an mata ag Tionól Forbartha 2017, is féidir teacht ar an gcur i láthair anseo: 
Múineadh na Matamaitice ag leibhéal iar-bhunscoile – féidearthachtaí na teicneolaíochta

Bainigí súp as na hacmhainní atá roghnaithe againn thíos! 

Sa Nuachtlitir Seo: