Póstaeir COVID-19 don Naíonra

Aug 26, 2020

COVID19  Póstaeir

Tá póstaeir eolais cruthaithe ag Gaeloideachas do naíonraí anois le cabhrú libh agus sibh ag déanamh gach iarracht bhur seirbhísí a dhéanamh slán i dtaobh COVID-19 de.

Tá treoracha soiléire le feiceáil ar na póstaeir seo do pháistí agus do thuismitheoirí ar na bealaí is fearr gach duine a choinneáil sábhailte ón víreas agus muid ag filleadh ar an seomra naíonra. 

Tá lán-fáilte romhaibh na póstaeir seo a íoslódáil saor in aisce ónár suíomh anseo. Anuas air sin, tá na póstaeir á gcur i gcló ag Gaeloideachas faoi láthair, agus beidh cóipeanna á scaipeadh againn ar naíonraí sna laethanta amach romhainn.

Ná déanaigí dearmad breathnú ar threoracha Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige ar a suíomh “Bímis Réidh” le tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar athoscailt na seirbhísí luathbhlianta: gov.ie/ullmhaimis