Póstaeir COVID don Iar-bhunscoil

Sep 7, 2020

Postálacha ar Fad

Tá póstaeir eolais cruthaithe ag Gaeloideachas d’iarbhunscoileanna anois le cabhrú libh agus sibh ag déanamh gach iarracht bhur scoileanna a dhéanamh slán i dtaobh COVID-19 de.

Tá teachtaireachtaí soiléire le feiceáil ar na póstaeir seo do dhaltaí scoile ar na bealaí is fearr gach duine a choinneáil sábhailte ón víreas agus muid ag filleadh ar an seomra ranga. 

Tá lán-fáilte romhaibh na póstaeir seo a íoslódáil saor in aisce ónár suíomh anseo. Anuas air sin, tá na póstaeir á gcur i gcló ag Gaeloideachas faoi láthair, agus beidh cóipeanna á scaipeadh againn ar na hiarbhunscoileanna sna laethanta amach romhainn.

Ná déanaigí dearmad breathnú ar threoracha agus chomhairle ón Rialtas ar an leathanach “Filleadh Ar Scoil” le tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar athoscailt na scoileanna: https://www.gov.ie/ga/feachtais/filleadh-ar-scoil/